Loves an Luain- Aisling

Dia dhaoibh tráthnóna a Ghlams, 

Cén chaoi a bhfuil ceithre seachaine imithe thar cheana agus go bhfuil mé ar ais ar Loves arís.

Screen Shot 2018-03-12 at 11.58.30.png

Tá mise á choinneáil simplí inniu agus tá an mála seo roghnaithe agam. Seo mála a cheannaigh mé nuair a bhí i Florida an mhí seo caite agus nuair a chonaic mé sa siopa é bhí a fhios agam go mbeadh orm é a cheannach.

Nóí bean mhór glas mé ach thaitin sé seo liom agus cheapfainn go dtabharfaidh mé amach ar a chéad 'outing' é an deireadh seachtaine seo le haghaidh Lá Pádraig!!

Thíos feicfidh sibh cúpla sampla eile do mhálaí atá cosúil leis agus an nasc curtha leo.

Screen Shot 2018-03-12 at 11.47.40.png
Screen Shot 2018-03-12 at 11.51.49.png

Bainigí taitneamh as an gceiliúradh an tseachtain seo chugainn do Lá le Pádraig,

Le grá,

Aisling

Slán libh sciortaí gearra ní maith liom sibh níos mó

An bhfuil aon duine eile amuigh ansin atá tinn tuirseach ag súil isteach i siopaí agus ag breathnú ar sciortaí agus gúnaí atá i bhfad ró ghearr??? nó a bhreathnaíonn ar chailíní/mhná agus a dtóineanna amuigh ar oíche ar na tiles? 

Níl aon rud níos measa liom a fheiceáil. Dár ndóigh is é a rogha a leithéid a dhéanamh ach anois caithfidh mé a raibh go bhfuil treocht nua ag teacht agus is breá liom é: Na Brístí Faiseanta. 

Má bhreathnaíonn aon duine thart sna siopaí le cúpla seachtain anuas tá brístí chuile áit. Seo cúpla ceann atá mo shúil agamsa orthu agus na háiteanna ar féidir iad a cheannach!

27336582_2012384579028643_8843299218790790815_n.jpg
27907738_2016325121967922_798655667162822263_o.jpg
27747769_2015818192018615_47245345975389403_o.jpg

Cinn atá ar mo 'Watchlist': Cé acu ceann is fearr libh? 

2 pants.jpg
3 pants.jpg
4 pants.jpg
pants 1.jpg
9312032-1-multi.jpeg

Gearóidín x

 

Loves an Luain- Gearóidín

Hi a chairde, 

Is é an 'loves' atá agamsa an tseachtain seo ná an uaireadóir álainn seo ó Paul Hewitt. Is breá liom chomh simplí agus atá sé agus an stíl mhuirí atá leis. Fuair mé é thart ar am na Nollag mar bhronntanas agus tá sé caite an-mhinic agam ó shin. Téann sé le chuile rud beo agus go háirithe mo chuid píosaí seodra ó Pandora. 

Read More

Loves and Luain - Roseann

1477331946449.png

Haigh a chairde, 

Níl uaim ach compórd na laethanta seo agus do mo Loves and Luain an tseachtain seo tá mo bhróga reatha nua New Balance. Tá siad chomh compórdach agus an-deas le skinny jeans dubha.

new balance.jpg

Mar chomhairle daoibh ta an size sna bróga seo an-bheag agus mholfainn dul suas leath size ar a laghad. 

Tá siad seo fós ar fáil ar www.schuh.ie ar €42.95.  Praghas iontach!!!!

Seo é an t-aon phictiúr atá agam leis na bróga orm... ní bhíonn mórán selfies a thógáil agam na laethanta seo ;) 

Screen Shot 2018-01-22 at 20.47.24.png

Beidh mé ag caint libh go luath.  

Roseann 

xxxx

 

Culottes Cúl...

Haigh a ghlams,

Nach álainn an aimsir atá aginn?! Tá sé FAB!! An blag atá agamsa dhaoibh anocht ná ar 'culottes'. An trí ócáid dheiridh ar fhreastal mé orthu chaith mé cutottes! Tá siad i chuile shiopa na laethanta seo agus táim i ngrá leo!! Feicfidh sibh thíos na cinn is deise a chonaic mé agus mé fhéin i dhá péire ó Penneys agus culottes jumpsuit ó New Look.

Read More

Léinte Bána- Simplíocht agus Sofaisticiúlacht

Dia dhaoibh trathnóna,

Tá muid ag teanadh níos gaire agus níos gaire don samhradh anois agus is gearr go mbeimid ag fáil réidh leis na dathanna dorcha, buíochas le Dia.

Tá blag an lae inniu bunaithe ar léinte bána. Ní bhuaifeadh tada an 'crisp white shirt'. Tá siad go deas le péire skinnys i rith an lae agus ansin péire sála arda a chuir ort san oíche agus hey presto!!!

Read More

Gúnaí T-léine

Hello a chairde, 

Chonaic mé gúna tléine istigh i River Island cúpla seachtain ó shin agus bhí sé i mo lámh agam agus chaith mé ar ais é, agus mé ag rá liom féin, cé sa diabhal a chaitheadh rud mar sin! Ansin agus mé amuigh písín ina dhiaidh chonaic mé an gúna a bhí i mo lámh agam ar chailín agus bhí mé mo chiceáil féin mar bhreathnaigh sé go hálainn uilig uirthi siúd!

Read More

Cótaí Báistí

Dia dhaoibh a chairde, 

Bhí mé istigh i bPenneys an lá cheana agus tháinig mé trasna ar an gcóta báistí beag álainn seo thíos agus gan é ach €16 ní fhéadfainn é a fhágáil i mo dhiaidh. Chonaic mé ceann deas eile ar Doireann Garily cúpla seachtain ó shin ó Dunnes freisin agus ní fhaca mé i nGaillimh fós é ach má fheicim seans go mbeidh sé ag dul abhaile liom.

Read More