Loves an Luain - Síofra

Loves an Luain - Síofra

Hello a chairde, Síofra ar ais libh don tseachtain seo le haghaidh Loves an Luain! Tá súil agam go bhfuil sibh go léir go maith sa bhaile théis deireadh seachtaine ag pleidhcíocht sa sneachta! Mar is eol daoibh anois, tá mé ag súil agus le cúnamh Dé beidh seisear sa chlann Ghaeilge le Glam roimh deireadh an samhraidh! Agus, é sin ráite tagann fadhbanna craicinn le toircheas. Is dócha go mbíonn mná na hÉireann ag streachtailt le spotaí agus fadhbanna craicinn mar gheall ar an méid hormóin atá inár gcorp. An rud is deacra faoi seo ná ní féidir linn na comhábhair is gníomhnaí (na comhábhair is fearr) a úsáid agus muid ag iompar cosúil le Salicylic acid, Glycolic acid agus Retinol. Agus don chuid is mó dúinn caithimid ár gnáthamh craicinn a athrú nuair a thugaimid faoi deara go bhfuilimid ag iompar! 

Read More

Environ- 'Active Vitamin Facial'

Unknown.png

Hello a chairde, 

Cúpla mí ó shin chuaigh mé féin agus na cailíní go hoíche speisialta in Elysium i Maigh Cuillinn áit ar labhair Jennifer Rock mar aoi speisialta ar an oíche. 

Tá a fhios againn ar fad an mhaitheas atá @theskinnerd ag déanamh dár gcraiceann agus í gafa leis. Tá níos mó agus níos mó againn ag cur níos mó suime i gcúrsaí craicinn agus is maith an rud é. Níl sé i bhfad ó stop mise ag baint úsáide as micelar water agus baby wipes agus mé ag baint díom mo chuid smideadh agus mé ag ceapadh go raibh mé iontach má bhain mé díom é san oíche. Anois tá mo routine beag féin agam a bhuíochas do na cailíní in Elysium. 

Caithfidh mé a rá go mbímse bréan do dhaoine a mholann seo agus siúd agus ceannaíonn tú an rud a mholann siad agus ní bhíonn maith dá laghad ann. Ó thug mise cuairt ar Elysium is é a mhalairt ar fad atá i gceist. 

Tá na cailíní ar fad Katie agus Anne ach go háirithe an-chairdiúil ann. Tugann siad moladh duit ag brath ar na fadhbanna craicinne atá agat agus ní chuirtear brú ort riamh tada a cheannacht. Bhí skin consultation agamsa le Katie agus mhol sí dom rudaí a choinneáil simplí. 

Úsáidim Cleanser- Image Vital C

Moisturiser Environ AVST 1 

Image Sun Cream 

Environ pepcide eye gel 

Moladh dom freisin serum a úsáid agus thug na cailíní cúpla sampla dom le triáil sula gceannaím an buidéal mór. 

Níl mórán fadhbanna craicinne agam, tá an t-ádh liom nach bhfaighim mórán spótaí riamh agus níl mo chraiceann lán le hola. É sin ráite gan mé ach 28 tá an t-uafás línte agam agus is rud iad a chuireann isteach go mór orm! Tá chuile chineál rud/stuif/táirge triáilte agam agus ní mórán atá tar éis difríocht a dhéanamh. 

Mar sin shocraigh mé coinne a dhéanamh le haghaidh an Advanced Active Vitamin Facial. Is facial é seo atá in ams an craiceann a phumpáil le vitamíní agus bhraith mé gur é sin go díreach a bhí ag teastáil uaim. Ghlaoigh mé ar Elysium agus dúradar liom teacht isteach agus go mbreathnódh siad ar mo chraiceann roimh an facial agus sin é go díreach a rinne siad, arís ionas nach cur amú airgid a bheadh ann! 

Mhair an facial é féin uair go leith. Glantar an craiceann go hiomlán i dtosach agus ansin úsáidtear foirmeacha beo don Vitamín A & C, is é sin uachtair atá packáilte leis na comhábhair seo, rud a bhraitheann tú ar an bpointe a bhuaileann siad do chraiceann. Úsáidtear meaisín speisialta a bhaineann úsáid as maoimeanna fuaime ionas go súfaidh an craiceann isteach iad go dtí na sraitheann ísle. Ag an deireadh ansin cuirtear masc álainn ort a chlúdaíonn chuile pháirt do d'éadan, na súile san áireamh (agus iad dúnta). 

Moltar an facial seo do chuile dhuine agus cabhraíonn sé le pigmentation, iontach do dhaoine le an t-uafás brícíní cosúil liomsa, nó a bhfuil damáiste déanta ag an ngrian orthu, daoine a bhfuil a n-aois le feiceáil róluath (mise)

Daoine le craiceann tirim

Daoine a dteastaíonn níos mó uisce/hydration uathu ina gcraiceann

Caithfidh mé a rá nár bean mhór facials mise, níorbh ea riamh ach tá mo chuid múiníne curtha agam in Elysium agus na cailíní atá ann. Tá mé ar bís agus mé ag baint úsáide as an Environ agus is fada liom go mbeidh mé ag dul suas sna huimhreacha. Táim ar an dara buidéal don AVST 1, mar sin beidh mé in ann a dhul suas go dtí an AVST 2 an chéad uair eile. 

Maidir leis an facial, mholfainn go hard na spéire é má tá boost ag teastáil ó do chraiceann. Ach caithfidh mé a rá gur breá liom an rud a dúirt duine de na cailíní in Elysium liom, níl aon mhaith facial a fháil muna bhfuil tú chun aire a thabhairt do do chraiceann sa mbaile. Tá sé ar nós a dhul ag an bhfiaclóir agus ansin gan do chuid fiacla a níochán nuair a théann tú abhaile. 

Sin é uaimse a chairde, 

G x

 

Ultra Pure Rose Hip Oil - Táirge atá á úsáid agam faoi láthair

Dia Dhaoibh, 

Cúpla seachtain ó shin fuair mé an táirge do-chreidte seo ó Ultra Pure - An ULTRA PURE ROSE HIP OIL.  Bhí roinnt do na táirgí in úsáid agam roimhe seo an cleanser agus an toner.  Is táirgí iomlán nádúrtha iad rud a thaitníonn go mór liom. Is breá liom freisin go bhfuil an táirge seo á dhíol ag comhlacht atá lonaithe in Iarthar na hÉireann.

Read More

Áilleacht agus na Image Peels

Áilleacht agus na Image Peels

Hello, 

I 2017 rinne mé an cinneadh aire a thabhairt do mo chraiceann.  Cé nach maith liom é a rá, tá mé ag dul in aois agus is rud é nach bhfuil mórán airgid caite agam air i mo shaolBhí go leor cloiste agam faoi na táirgí Image agus shocraigh mé triail a bhaint astu mé féin. Thug mé cuairt ar Edel in Áilleacht ar an gCeathrú Rua agus seo mar a d'éirigh liom.

Read More

Kris Kindle/Stocking Fillers faoi €20 don nóiméad deireanach!

Hello a chairde, 

Tá cúpla ríomhphost faighte againn ónár gcuid leantóirí sa tóir ar bhronntanais le haghaidh Kris Kindle. Mar sin seo thíos cúpla smaoineamh daoibh, rinne mé sáriarracht rudaí atá i siopaí a phiocadh mar go mbeidh sé deacair rudaí a fháil sa phost ag an nóiméad deireanach: 

1. Táimse i ngrá le coinnle agus is breá liom iad timpeall an tí. Bíonn cinn álainn i Homestore and More an t-am seo den bhliain. Cheannaigh mise cúpla ceann ann roimh an Nollaig agus bhí mé ag fanacht go gcuirfinn suas an crann chun iad a lasadh. Níl siad ach €5.99 istigh ann faoi láthair. 

2. Fuair mise stoca santaí anuraidh agus m'ainm air agus táim i ngrá leis. Níl ann ach rud beag simplí ach tá sé go deas agus chuir sé na blianta fadó i gcuimhne dom agus mé ag iarraidh a bheith ag fanacht i mo shuí le haghaidh santaí! Is féidir iad a cheannacht i Deals ach tá an ceann seo thíos go deas freisin. Tá sé ar fáil ar €14.99

3. An bhfuil mórán daoine in Éirinn nach maith leo tae? Ní dóigh liom é, cé go bhfuil cúpla duine aisteach amuigh ansin, mo chuid deirfiúracha ina measc. Táim i ngrá leis na taephotaí seo a mbíonn an cupán leo, tá siad chomh cute. Chonaic mé an ceann seo istigh i Tesco ar €14.40.

4. Ag fanacht le téama an tae, san aimsir fhuar seo tá na 'travel mugs' an-áisiúil. Tá cinn álainn i Dunnes. Níl an ceann deas seo ach €10. 

5. Is breá le chuile dhuine miotóga agus is é an uair nach bhfuil siad agat a mbraitheann tú uait iad. Seo péire deas ó Debenhams ar €15. 

6. Níl a fhios agam faoi dhaoine eile ach is breá liomsa ag ceannacht dialainne nua. Seo ceann álainn Kate Spade ó The Dotty Lemon. 

7. Rud nach n-úsáidim leath mo dhóthain ná uachtar láimhe. Is deas an rud é a bheith i do mhála. Níl na cinn sa Bodyshop ach €6.50. 

8. Is breá liom an Body Lotion seo ó Rí na Mara, tá sé go hálainn ar fad agus gan é ach €16. 

9. Is breá liom é seo ó Sanctuary Spa. Níl sé ach €13 agus is féidir é a fháil istigh i mBoots.

10. Clúdach nua don fhón ar €10.

Agus ar deireadh ag brath ar an duine, d'fhéadfá 'statement necklace' a fháil dóibh! Is rud é a bhéas agat i gcónaí agus atá go hálainn. Tá an ceann seo thíos le fáil i Topshop ach d'fhéadfá ceann a phiocadh suas in aon áit. 

Tá súil agam go raibh sé sin úsáideach daoibh a chairde, seans go dtabharfaidh sé cúpla idea beag daoibh! 

Nollaig Shona, 

Gearóidín xxx

Makeup Lesson le Emma Farrell (EF Creative Studios)

Makeup Lesson le Emma Farrell (EF Creative Studios)

Haigh a chairde, 

Síofra anseo agus an uair seo táim ag scríobh faoin 'Makeup Lesson' a fuair muid le Emma Farrell ó EF Creative Studios. Lá iontach a bhí againn! 

Thug mé féin, Gearóidín agus Aisling cuairt ar a 'salon' álainn i mBaile Átha Cliath agus bhí an-lá againn! D'fhoghlaim muid an t-uafás tips uaithi. Tips atá an-simplí ach úsáideach ag an am céanna! Bhí muid mar models agusina dhiaidh sin thaispeáin Emma na scileanna ar fad dúinn agus ansin fuair muid an seans ár smidiú féin a dhéanamh freisin agus na scileanna nua a chleachtadh!

Read More

Loves an Luain- Aisling

Haigh Glams,

Tá mé ar ais inniu le Loves an Luain. Tá mé chun é a choinneáil simplí anocht.

Loves an Luain na seachtaine domsa ná an pota beag seo thíos ó Mac. Is primer do na súile atá ann agus nuair a bhí mé féin agus na girls thuas ag Emma i mBleá Cliath, is ansin a fuair mé amach go bhfuil primer ag teastáil do na súile!!

'Painterly' an t-ainm atá air agus cuireann tú ort roimh 'eye shaowdow' Ní chaithim aon eyeshawdow mura bhfuilim ag dul amach agus mar sin cuirim orm chuile mhaidin é mar chineál 'concealaer' do na súile (Níor cheart aon foundation a chur ar na súile- ní raibh a fhios agam é seo ach oiread!)

An jab atá ag an táirge seo ná chun nach mbeidh 'creaes' i do eyelid agus tú ag cur ort 'eyeshadow' agus arís nuair a chaithim 'eyeshadow' cabhraíonn sé liom!

Arís seo rudaí nach raibh ar eolas agam go dtí go ndeachaigh mé ag Emma! Ar feadh na mblianta bhínn ag cur 'foundation' ar mo chuid 'eyelids'. Anois úsáidim é seo agus ní bhíonn sé le tabhairt faoi deara nach bhfuil 'foundation' orthu.

Cheannaigh mise é seo sa 'Duty Free' ar mo bhealach ag an Róimh ar chostas €18.

Tá sé le fáil istigh in aon áit a bhfuil 'Mac' le fáil ann. Níl mórán difríochta idir phraghas an táirge seo sa 'Duty Free' agus sa siopa.

Sin sin a ghlams

Bíodh seachtain mhaith agaibh uilig,

Grá mór,

Aisling

 

Loves an Luain- Gearóidín

Hello a chairde! Fan go bhfeicfidh sibh mo loves an tseachtain seo!!! Táim i ngrá! Déan cinnte go leanfaidh sibh ar Snapchat muid freisin mar beidh mé ag taispeáint na táirgí ar fad ar ball beag! 

Ar aon nós, tháinig mé trasna ar 'Star buy' Boots an tseachtain seo agus ní fhéadfainn é a fhágáil i mo dhiaidh. Tá Boots ag reachtáil promóisean gach seachtain suas go dtí an Nollaig, agus an tseachtain seo tá bosca álainn do tháirgí ó Ted Baker le fáil.  

An tseachtain seo is éard atá acu ná an bosca álainn seo ó Ted Baker. Istigh sa bhosca tá dhá scuab, eye lash curler, 2 nail polish, 2 lipstick, bronzer, cheek tint, eyebrow pencil! Is fiú €60 ar fad é ach tá sé le fáil ar €30 istigh ann faoi láthair! Ní bheidh sé le fáil ach an tseachtain seo mar sin is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Boots an tseachtain seo! Níl sé ar fáil ar líne níos mó ach ba cheart go mbeadh cúpla ceann fágtha sna siopaí! 

Gearóidín xxx

Deacrachtaí Craicinn - na tairgí a úsáidim!

Deacrachtaí Craicinn - na tairgí a úsáidim!

Síofra anseo agus anocht táim ag scríobh bhlag faoi chúrsaí craicinn agus na tairgí a úsáidim. Níl ach 6 mhí fágtha agam go dtí an bhainis agus mar sin caithfidh mé an-aire a thabhairt do mo chraiceann! I gceann seachtaine beidh mé ag tosú le 'Glycolic Peels' in 'The Beauty Quarters' le Melissa agus is cinnte go ndéanfaidh na peels sin an-difríocht do mo chraiceann. Is aoibhinn liom an salon seo, aon uair a thugaim cuairt ar an áit, feabhsaíonn mo chraiceann agus ciallaíonn sé sin, má tá tú dáiríre faoi do chraiceann teastaíonn trí rud, am, foighne agus taighde! Agus, b'fhéidir beagáinín taithi!

Read More

Facial Venus Freeze

Dia dhaoibh a chairde, 

An tseachtain seo caite thug mé cuairt ar sheomraí áilleachta 'Shelleys' i nGaillimh. Tá mé féin agus na cailíní ag obair le hEibhlín ar Iris Aniar i Radió na Gaeltachta, faoi láthair agus mar chuid den obair sin bhain mise triail as an facial nua 'Venus Freeze' atá ar fáil ag Shelley faoi láthair. 

Ní raibh cliú dá laghad agam céard a bhí i gceist leis an facial seo, cheap mé gur gnáth facial a bheadh ann agus bhí mé ar bís é a thriáil. Ach nuair a shuígh mé síos leis na cailíní áille ó Shelleys agus nuair a mhínigh siad dom céard go díreach a bhí i gceist bhí mé ag pléascadh le teann bíse. Is fan mór í Cara Delevigne don facial seo, agus nach orainn atá an t-ádh go bhfuil sé ar fáil againn anseo i nGaillimh! 

Is éard é an 'Venus Freeze' ná an facial is nuálaí atá in ainm is a bheith chomh maith le botox a fháil! Bíonn meaisín in úsáid (mar atá sa phictiúr thuas) agus is éard a tharlaíonn ná go gcuimlítear cineál wand timpeall ar d'éadan agus go bhfaigheann sé fíorthe! Tá sé cineál cosúil le 'hot stone massage', níl an teas míchompordach, tá sé an-deas ar bhealach aisteach! Nílim cinnte cén fáth gur 'freeze' atá in ainm an facial seo mar is teas a úsáidtear. Ceapaim gur mar gheall go bhfuil sé ag stopadh ama!!!

Tosaítear thíos ar do mhuineál agus oibrítear siar chomh fad le do chluasa agus ansin suas ar do ghiall, suas díreach chomh fada le do bhaithis. Sula dtosaíonn an treatment seo glantar an craiceann agus ansin cuirtear gel ar an gcraiceann (mar a chuirfí ort agus tú ag fáil ultrasound) agus ansin castar suas an teas agus oibríonn sé leis an gcraiceann. Tarraingníonn an mheaisín; tríd an teas agus an leictreachas an collogen atá faoi na sraitheanna sa chraiceann, aníos ag an mbarr agus sin é an rud a fháiscíonn an chraiceann agus a fhaigheann réidh leis na línte beaga sin nach maith le haon duine againn!!! 

Ní gnáth facial atá anseo ar chor ar bith! Cé go raibh an teas ag teocht 40°C ag pointí áirithe (agus is é is teo atá sé, sé is fearr a oibríonn sé), ní bhfuair mé míchompordach é! Caithfidh mé a rá gur thaitin an teas liom. Bhí m'éadan beagáinín dearg ina dhiaidh ach d'imigh sé sin tar éis uair nó dhó. 

Is é an rud faoin 'Venus Freeze' ná nach ar an éadan an t-aon áit is féidir úsáid a bhaint as seo. Is féidir é a úsáid ar an mbolg (tar éis meáchan a chailleadh) nó ar do thóin/do chosa le haghaidh cabhrú le cellulite! 

Bhain mise triail as ar m'éadan mar nach maith liom na línte timpeall ar mo shúile ach braitheann sé ort féin cén áit ar mhaith leat é a fháil! 

An molfainn é? Mholfainn é do dhaoine a bhíonn ag streachailt le línte! Caithfidh mé a rá tar éis seisiún amháin go bhfuilim ag ceapadh go bhfuil dífríocht mhór sna línte! Chomh maith leis sin, is saineolaithe iad na cailíní agus thug siad neart eolais dom ar na rudaí atá mise ag déanamh mícheart ó thaobh mo chraiceann de! 

Tá mo chraiceann triomaithe amach (dehydrated), cé gur cheap mise gur tirim a bhí sé. Mar sin mhol na cailíní dom na táirgí le n-úsáid agus cén áit na táirgí sin a úsáid agus neart uisce a ól! 

Bhí mé fíorshásta go deo le mo thaithí i Shelley's agus mholfainn d'aon duine i nGaillimh cuairt a thabhairt uirthi féin agus na cailíní deasa atá ag obair ann! Is féidir í a leanúint ar Facebook nó dul ag an suíomh www.shelleys.ie 

Tá margadh aici faoi láthair ar an Venus Freeze agus is féidir leat 2 sheisiún a fháil saor in aisce má cheannaíonn tú 6 cinn. Do chailíní ar chomhaois liomsa seans nach mbeadh ag teastáil ach seisiún nó dhó ar an éadan agus do mhná níos sine is infheistíocht sa chraiceann a bheadh ann. Dá mo rud é ansin gur maith leat é a fháil ar na cosa/ar an mbolg moltar duit idir 6-9 seisiún a dhéanamh. 

Tá súil agam go bhfuair sibh neart eolais ansin, 

Slán go fóillín, 

Gearóidín xxx

 

Loves an Luain

Cheannaigh mé an scuab seo i Cara pharmacy an tseachtain seo caite agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé iontach ar fad le haghaidh contouring!!! D'úsáid mé é an Satharn seo caite agus bhí sé an-éasca an Contouring cream ó Stila a chuimilt isteach i mo smidiú! 

Tá sé díreach mar an gcéanna leis an scuab O! Wow ó Cailyn a chosnaíonn €30.  Ní chosnaíonn an scuab seo (atá beagnach mar an gcéanna ach €12.99!!!

An bhfuil aon duine agaibh ag úsáid an scuab seo faoi láthair? Má tá céard a cheapann tú faoi?

Roseann xxx

Loves an Luain

Loves an Luain

Síofra anseo anocht agus is mise atá ar 'Loves an Luain'. 

Mar is eol daoibh is aoibhinn liom cúrsaí áilleachta agus is cosúil gur thit mé i ngrá leis an 'Blank Canvas Masterseries Palette One' a fuair mé le déanaí. Tá sé go hiontach. Tá an pigment an-láidir agus tá roinnt dathanna ann freisin. Tá súile gorma agam agus mar sin úsáidim 'eyeshadows' le beagáinín oráiste iontu. Is aoibhinn liom na dathanna 'Cocoa' , 'Forza' agus 'Strut'. 

Read More

Contouring - Na tips agus tricks a leanaim féin

Contouring - Na tips agus tricks a leanaim féin

Dia dhaoibh a chailíní Glam!

Mar a gheall mé daoibh, tá mé ag scríobh an bhlag seo faoi na tips a fuair mé maidir le contouring ag Masterclass Mharissa cúpla seachtain ó shin.

Le roinnt bhlianta beaga anuas tá an contouring agus anois an tontouring ina "must do" agus tú ag fáil réidh d'oíche ar na tiles.  

Read More