'The Hardest Job I'll Ever Love' - Mo Shaol mar Mhamaí Nua!

Hello a chairde, 

Síofra ar ais libh théis sos a thógáil ón scríbhneoireacht agus ón mblag i ndáiríre. Má leanann sibh ár leathanigh Facebook agus Instagram is dócha go bhfaca sibh go rugadh mo leaidín beag Eddie i mí Iúil. Taimid i ngrá leis dár ndóigh. Beidh sé ocht seachtaine ar an Máirt agus táim ag foghlaim chuile lá! Is cutie beag é agus is bean iomlán difriúil é mar gheall air caithfidh mé a rá!! Tá mo mháthair anseo linn agus is rud iontach é mar tugann sé deis dom sos a fháil nuair atáim traochta! Ach, é sin ráite tá súil agam go mbeidh mé in ann chuile rud a dhéanamh liom féin nuair a imíonn sí abhaile!!

DSC_9153.jpg

Tá cailíní Ghaeilge le Glam eile ar ais ar scoil anois agus mothaím cineáilín brónach a tseachtain seo mar ba bhreá liom a bheith sa bhaile le haghaidh na 'lunch dates' agus na himeachtaí go léir leo! Chomh maith leis sin, mothaím brónach mar níl mé in ann mo mhac deas, álainn a roinnt le mo chairde sa bhaile. Níl mac Roseann, Fionnán beag feicthe agam fiú... Tá sé thar a bheith deacair a bheith imithe uathu. Labhraímid ar WhatsApp an t-am ar fad ach ní hé sin an rud céanna! Is féidir a rá go bhfuilim sásta anseo ach.. bhuel, ba bhreá liom a bheith sa bhaile. Níl focal eile ann do mo mhothúcháin. 

Le haghaidh cúpla bliain anuas d'úsáid mé mí Mheán Fómhair le haghaidh 'spring board' beag chun rudaí nua thosú, leabhair nua a léamh agus tionscnaimh nua a dhéanamh agus thug mé faoi deara (cé go bhfuil sé beagáinín difriúil) go bhfuil tionscnaimh an-mhór i ndán dom don Mheán Fómhair seo agus beidh go deo. Ní léim aon rud faoi láthair ach leabhair linbh... ag súil le cúpla leabhar ficsin a léamh sa todhchaí!!!! 

Ní bheidh mé ag dul ar ais ag obair anseo; níor thaitin an post a bhí agam liom ar chor ar bith agus ní fhaigheann máithreacha ach 6-12 SEACHTAINE le haghaidh saoire mháithreachais!!! Samhlaigh é sin??? Bhí an t-eolas sin agam sular bhog mé anseo ach fós ní bheinn in ann slán a rá d'Eddie théis 6 seachtaine! Agus é sin ráite, tuigim go bhfuil an t-ádh dearg liom go bhfuilim in ann a bheith sa bhaile leis. 

DSC_9275.jpg

Airím saol an mhúinteora uaim agus tá súíl agam go mbeidh mé in ann post a fháil nuair a bhogaimid abhaile. Níor cheap mé riamh go mbeinn i mo 'stay-at-home-mom' ach táim ag baint an-taitnimh as an bpost seo faoi láthair ar aon nós. Ach, sílim go mbeadh sé níos easca dom dá mbeinn sa bhaile mar níl an t-uafás cairde agam anseo so is féidir leis a bheith beagáinín uaigneach anois 's arís. Tá a fhios agam go mbeidh saol an mháithreahcias ar an bpost is deacra a bheidh agam ach, an post is fearr a bheith agam freisin! 'The hardest job I'll ever love' - is dócha! 

Shocraigh mé dul ar ais ag scríobh chun sos a thabhairt do m'inchinn agus m'intinn. Silím go bhfuil sé fíorthábhachtach do chuid smaointe - maith nó olc a scríobh síos nó a phlé ionas nach mbeidh tú ag streachailt i d'aonar. Tá súil agam go mbeidh an t-am agam níos mó blaganna a scríobh amach anseo! Abair liom má tá sibh ag iarraidh aon bhlaganna go sonrach a fheiceáil! 

DSC_9704bw.jpg

Le grá, 

Síofra. xxx