Smaointe Tí 1: Balla Pictiúir

Hello a chairde,

Tá sé písín deas anois ó bhí mise ag caint libh go deireanach. Ón uair deiridh a scríobh mé blag, tá ceadúnas faighte againn chun ár dteach a thógáil agus tá muid geallta anois. Tagann chuile rud le chéile a deirtear!!!

Ar aon nós bhí smaoineamh agam le déanaí go dtosóinn ag cur le chéile mo chuid smaointe don teach agus na rudaí ar fad atáim ag iarraidh a dhéanamh. Mar sin seo é an chéad cheann: Balla Pictiúir nó ‘Picture Wall’ an leagan béarla.

Thosaigh mé ag bailiú pictiúir- prints den chuid is mó i bhfad ó shin- thart ar 2 bhliain ó shin anois. Bhí an smaoineamh seo agam go bhféadfainn staighre deas a bheith againn le fuinneog mór síos os a chomhair agus ansin ar an mballa go mbeadh pictiúir dubha agus bána le meascán do fhrámaí dubha agus bána.

wall 3.jpg
wall 5.jpg

Seo iad na prints a thaitníonn liom, cuid acu atá ceannaithe agam cheana féin (agus gan muid fiú tosaithe ar an teach) agus cuid eile atá ar liosta le ceannach agam. Ceannaím na prints agus ansin aon uair a théim go hIkea ceannaím frámaí ann dóibh. Ní fiú a bheith ag dul an-daor, sin céard a cheapaimse ar aon nós. Is iad na comhlachtaí is fearr liom ná Dustyboy, Audrey Hamilton Art agus Eclectic Lens a bhíonn ar shráid na siopaí le prints d’ainmhithe. Cuirfidh mé na nascanna thíos dá leathanaigh Instagram agus cén áit is féidir iad a cheannach.

Screen Shot 2018-09-30 at 15.23.06.png
Baby-Elephant.jpg
tea.jpg
Carpe-Diem-wm.jpg

Tá súil agam é seo a choinneáil suas anois má thaitníonn sé libh?

Gearóidín