Loves an Luain - Mo Bhumpín Beag!

Haigh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Síofra anseo do Loves agus tá sé beagáinín difriúil an tseachtain seo! 

downloadfile-1.png

Nuair a thosaigh mé ag smaoineamh faoi Loves an Luain don seachtain seo thug mé faoi deara nach raubh aon rud 'nua' nó 'exciting' ceannaithe agam le déanaí! Ag rá liom féin.. 'bí cinnte go gceannaíonn tú rud éigean ionas go mbeidh tú in ann blag a scríobh air! Ach nuair a bhí sé ráite agam thuig mé cé chomh seafóideach agus ábharach a bhí an tuairim/smaoineamh sin! Mar, mar is eol daoibh is am fíorchostasach é agus tú ag iarraidh chuile rud a cheannach a don bhabóg beag a bheidh ag teacht i gceann cúpla mí! Shocraigh mé ansin gur cuma nach bhfuilim in ann rudaí 'nua' nó 'exciting' a cheannach dom féin faoi láthair. Tá mé ag ullmhú le haghaidh ceann de na rudaí is tábhachtaí agus is 'nua' i mo shaol. 

IMG_20180414_142951.jpg

Sílim, uaireanta go gcuirimid (an tsochaí) an iomarca béime ar iarmhais ábharach agus déanaimid ar na rudaí a théann muid tríd gach lá; idir maith agus olc, brónach agus áthasach! Agus mar gheall ar sin déanaimid dearmad ar an ngrá buan, láidir agus diongbháilte atá againn inár saolta. 

Tá aistear difriúil ag chuile dhuine agus is dócha nach mbeidh m'aistear cosúil le aistear mo chara. Ach, cíbe a tharlaíonn is iontach an mothú é seo agus mothaím fíorbhuíoch go bhfuilim in ann a bheith ag iompar. 

Sin é uaimse a chairde! 

Le Grá, 

Síofra. X