Litir chuig Senan.

SENAN DANIEL Ó CONAIRE- 23/2/2018

Hello Glams,

Bhuel seo mo chéad bhlag mar AINTÍN! Agus nach deas an mothú é. An méid grá atá agam do leadín beag nach bhfuil ach beagán le cos seachtain. Tá sé deacair é a chuir i bhfocail an chaoi a mhothaím mar nár mhothaigh mé mar seo riamh. Is litir do Shenan atá sa bhlag seo inniu.

Ar an Aoine an tríú lá is fiche de mhí Feabhra agus mé ar mo bhealach abhaile ón scoil sheol do Mhamaí Niamh téacs, thart ar a haon agus d'fhaifraigh mé di cén chaoi a riabh sí. Dúirt sí liom go raibh pianta uirthi, ba bheag nár chuir mé an carr don bhóthar le excitement. Bhí a fhios agam gur é seo tús an phroiséis duit.

Bhí coinne agam le mo chuid gruaige a dhéanamh agus dúirt mé le Mamaí go rachainn síos théis. ní bhfuair mé an deis í a fheiceáil sula ndeachaigh sí isteach go dtí an t-ospidéal. Agus mise ag tiomaint isteach sa bhaile, bhí Mamaí ar a bealach isteach le tusa a chuir ar an saol. Bhí a fhios agam ansin, an chéad uair eile a d'fheicfinn do Mhamaí agus do Dhaidí, go mbeinn ag bualadh leatsa don chéad uair freisin agus go mbeadh sí théis an bronntanas is fearr riamh a thabhairt dom.

D'fhan mé sa mbaile ar feadh píosa, Lorraine, Paul, Dad, Mam, Simon, Paudie agus Éanna, muid uilig chomh excited go mbeadh 'addition' beag eile againn go luath. Chuir mé míle ceist ar Lorraine, an raibh an pian go dona ar do Mhamaí, an raibh sí ag caoineadh (ba bheag nár thosaigh mé fhéin ag caoineadh), cén chaoi a raibh Daidí, ar thug Mamaí leí chuile rud.

Chuir mé téacs ag do Mhamaí nuair a tháinig mé abahile agus dúirt sí go mbeadh tú anseo anocht nó amárach.(Dé hAoine nó Dé Sathairn). Mo chroí!!!! Bhí obair agamsa Dé Sathairn agus mar sin fuair mé leabhar agus chuaigh mé a choladh (bhí mé cinnte nach mbeadh tada aici go dtí An Satharn)

Dhúisigh mé maidin Shatharn, maidin thirim, fhuar, le glaochanna caillte, snapchats agus teachtaireachtaí ag rá comhghairdis. Bhí mé i m'aintín ó 23.54 agus ní raibh cliú agam go dtí 6.45 nuair a dhúisigh m'alarm mé. Seo an chéad phictiúr a thóg mé in éineacht leat Senan, nach deas muid?! 

Image.png.jpeg

Bhí mé i ngrá leat Senan beag agus gan mé ach théis pictiuir a fheiceáil díot, d'ordógín beag sáite siar i do bhéalín agat! Chuaigh mé ag mo chuid oibre agus ar an bpointe agus a bhí mé réidh thiomáin mé go dtí an t-ospidéal!|(ó stop mé ar dtús agus cheannaigh mé cúpla balún duit)

images.jpeg

Ó Senan, nuair a chonaic mé don chéad uair tú, d'athraigh tú mo shaol, saol do Mhamaí agus do Dhaidí, do Mhamó agus Daideo, Mamó eile agus ár saol uilig. 

Image-2.png.jpeg

An rudín beag is deise agus is áille ní fhaca mé riamh agus an oiread sin cion ag chuile dhuine ort fhéin agus an mullach álainn gruaige sin atá ort.

Tugadh abhaile Dé Domhnaigh tú agus cuireadh fáilte agus fiche romhat (chuile dhuine againn maraithe amach ag iarraidh an teach a mhaisiú duit) Ní raibh noiméad suaimhnis agat a leadín beag álainn, chuile dhuine ag breathnú ort, ag troid ag iarraidh tú a thógáil agus níor chuir tú suim ar bith ann!!

Tá tú linn 9 lá anois Senan agus tá sé ar nós go raibh tú linn i gcónaí. Céard a rinne muid i d'uireasa?!

Ach breathnaigh do chuid lámhín beaga. Maróidh tú mé nuair a bheas tú níos sine mar tá mé seasta síoraí ag tógáil do phictiúr!!

Image-1.png.jpeg

Níl a fhios agat é fós b'fhéidir ach ní thuigeann tú an méid áthais, bróid, lúchair agus sonais a thug tú leat ar an saol seo nuair a saolaíodh tú agus níl sé ach ina thús.

Táim ag súil go mór leis an aistear nua seo a  thosnú leatsa, le do Mhamaí álainn Niamh, do Dhaidí cineálta Kevin agus chuile dhuine eile a bhfuil an-chion acu ort freisin.

Múinfidh mé na rialacha gramadaí uilig dhuit, tabaharfaidh mé cúnamah duit le do chuid obair bhaile, beidh 'day-outs' ag an mbeirt againn, múinfidh mé cúpla trick dhuit, ceannóidh mé na sweets nach gceannóidh Mamaí agus Daidí, beidh mé ansin leat má bhíonn Mamaí agus Daidí ag tabhairt amach duit, ná bíodh imní ort a Senan Beag Álainn, seasfaidh Auntie Aisling suas dhuit i gcónaí.

Image-3.png.jpeg

Níl tú ach i dtús d'aistear sa saol seo a Senan, ach geallaim dhuit ní bheidh tú riamh díomhaoin. Rud ar bith a bheas mé in ann a dhéanamh dhuit, sin a dhéanfaidh mé, mar ní thuigfidh tú go brách é, ach thug tú an oiread sin áthais agus grá isteach i mo shaol.

Unknown.jpeg

Grá mo chroí thú a Senan Daniel,

D'aintín Aisling.

xxxx