Loves an Luain - Síofra

Hello a chairde, Síofra ar ais libh don tseachtain seo le haghaidh Loves an Luain! Tá súil agam go bhfuil sibh go léir go maith sa bhaile théis deireadh seachtaine ag spraoi sa sneachta! 

downloadfile-1 (1).png

Mar is eol daoibh anois, tá mé ag súil agus le cúnamh Dé beidh seisear sa chlann Ghaeilge le Glam roimh dheireadh an tsamhraidh! Agus, é sin ráite tagann fadhbanna craicinn le toircheas. Is dócha go mbíonn mná na hÉireann ag streachailt le spotaí agus fadhbanna craicinn mar gheall ar an méid hormóin agus athruithe a bhíonn ar siúl inár gcorp. An rud is deacra faoi seo ná ní féidir linn na comhábhair is gníomhaí (na comhábhair is fearr) a úsáid agus muid ag iompar cosúil le Salicylic acid, Glycolic acid agus Retinol. Agus don chuid is mó dúinn caithimid ár ngnáthamh craicinn a athrú nuair a thugaimid faoi deara go bhfuilimid ag iompar! 

Ach, thuig mé go bhfuil táirgí ann atá fós fíorghníomhach agus dár ndóigh fíorshláintiúil dúinn agus ár leanaí. Shocraigh mé Online Skin Consultation a eagrú le The Skin Nerd. Bhí comhairliúchán agam le Paula (ceann de na Nerdettes) ar WhatsApp Video agus caithfidh mé a rá b'fhiú an caoga euro a chaitheamh air! Bhí comhrá suimiúil agus cabhrach againn. Thug sí go leor comhairle dom agus d'athraíomar na táirgí craicinn a bhí in úsáid agam. Bhí spotaí ar m'aghaidh, ar mo chliabhrach agus ar mo dhroim! Is maith liom na táirgí cinnte agus tá siad ag obair ach bhí siad an-chostasach! Ach, é sin ráite, ceannóidh mé iad arís mar tá siad ag obair!! 

So mar a fheiceann sibh óna pictiúir thíos bhí spotaí pianmhara dearga ar mo chliabhrach. 

 Thóg mé na pictiúir seo thart ar mí ó shin!

Thóg mé na pictiúir seo thart ar mí ó shin!

Agus féach ar mo chliabhrach anois! 

 Thóg mé an pictiúr seo ar maidin!

Thóg mé an pictiúr seo ar maidin!

So mhol Paula ó The Skin Nerd an táirge seo thíos ó Environ dom. Environ Derma-Lac Lotion an t-ainm atá air! Ceapaim go bhfuil sé go hiontach. Is maothóir (moisturiser) é agus úsáidim é ar mo chliabhrach agus ar mo dhroim. Anois tar éis míosa tá mo chraiceann i bhfad níos soiléire. Tá táirgí Environ ar fáil in The Beauty Quarters in Oran Mór i gContae na Gaillimhe nó is féidir libh comhairliúchán a chur in áirithe le The Skin Nerd

Close up body.jpg

Tá go leor táirgí eile in úsáid agam atá oiriúnach do mhná atá ag iompar so má tá sibh ag iarraidh blag eile a léamh ar na táirgí sin fág trácht thíos nó seolaigí teachtaireacht chugainn! 

Tá súil agam go gcabhraíonn an blag seo libh agus má tá aon tips agaibh ba mhaith liom iad a chloisteáil agus roinnfidh mé iad lenár léitheoirí! 

Slán go fóillín, 

Síofra XxX