Saol mar Mhamaí....mo thuras go dtí seo :)

Dia Dhaoibh a chairde, 

Leis na fhírinne a rá chaith mé an mhaidin ag iarraidh blag suimiúil a chur le chéile daoibh.  Mar is eol daoibh is mise bean na mbéilte beaga blasta agus tá mé ag súil go mór cuid de na miasanna sin a roinnt libh arís go luath. É sin ráite, mhothóinn aisteach é sin a dhéanamh inniu gan update beag a thabhairt daoibh ar thús mo thuras mar mhamaí.  Beidh mé chomh ionraic agus is féidir liom a bheith :)

Rugadh ár leaidín beag Fionnán Máirtín Ó Flatharta ag tús Mí Feabhra agus nach muid a bhí sásta! Bhí sé cúpla seachtain luath agus cé go raibh muid ag súil leis bhuail shock ceart mé nuair a dúírt an dochtúir go raibh mé ag fanacht san ospidéal agus go mbeadh baby ag dul abhaile linn.  Bhí  meascán ollmhór de mhothúchán ann an cúpla lá sin, áthas, eagla, imní, grá, sceitimíní agus neart eile.   

Don bhlag seo inniu ba mhaith liom na ceachtanna saoil is mó atá foghlamtha agam ó fuair mé an brontannas is fearr do mo shaol a roinnt libh....

IMG_20180311_213120_914 2.jpg

1. Ní bheidh tú 100% réidh go deo

Ag an tús bhí mé ag cuimhniú ar an méid a bhí fós le déanamh agam agus chomh maith leis sin an raibh mé réidh le bheith i mo Mhamaí!!!!! Dar liom ní raibh mo dhóthain nesting déanta agam.  Fuaimíonn sé seafóideach anois ach bhí an oiread sin pleananna agam, fuinneoga le glanadh, seomraí le peinteáil, athchóiriú a dhéanamh ar sheomra na cuairteoirí (ár ndóigh is mise a bhi ag tabhairt na horduithe agus m'fhear céile bocht ag déanamh na hoibre) Ní raibh an obair sin ach ina thús ach ba chuma linn nuair a thug muid Fionnán s'againne abhaile linn, ba chuma faoi aon rud eile!!! 

2. Obair....Ag dul ó jab amháin go jab eile :)

Tá mé ag obair ó bhí mé  an-óg agus caithfidh mé a rá go raibh mé beagáinín neirbhíseach agus mé ag críochnú suas ag an obair.  Bhí an oiread le n-eagrú agam, dar leis na cailíní is cineál workaholic atá ionaim agus bhí mé báite i mo phost go mór mhór ó thosaigh mé ag obair leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí dhá bhliain ó shin, mar is eol daoibh chaith mé go leor ama as baile ag taisteal ó cheann ceann na tíre. Is iontach an rud é an carr a bheith parcáilte agus muid ag tabhairt aire don mhiorúilt beag seo sa mbaile.  Bhí sé iontach an obair a chríochnú agus mo jab nua mar mhamaí a thosnú. Níl aon phost níos deacra ach is post luachmhar amach is amach é. Níl aon lámhleabhar le gach eolas ann ach tá mé ag foghlaim rud nua gach lá.   

3. Ní bheidh an teach mar a chéile arís go brách.

Ón la a thug muid Fionnán abhaile bhí an teach ag mothú difriúil.  Bhíodh an teach i gconaí chomh ciúin agus bhí taithí againn ar sin.  Anois tá rudaí Fionnán i ngach áit.  Bíonn an meaisín níochán ag imeacht chuile lá, ní le éadaí s'againne ach le éadaí Fionnán, is fiú dom a rá anseo go mbíonn neart "Wardrobe Malfunctions' againn ó lá go lá.  Ach ná bac leis na héadaí ach an trealamh ar fad a thagann le páistí, teastaíonn dhá sheomra uainn le gach rud a stóráil ann, idir cliabhán, mataí spraoi, bugaí, aonad athruithe, áit le haghaidh na teidithe ar fad, go mór mhór an teidí mór mílteach a cheannaigh Mamó dó.

Seo cuid de na táirgí atá in úsáid againn faoi láthair.....

full pic of teddy.jpeg

4. Cúrsaí Faisean

Tar éis cúpla seachtain a chaitheamh sa teach faigheann tú compórdach agus is féidir leat fanacht sa mbaile go héasca.  Níor éirigh linn dul amach go ró-mhinic ag an tús ar chúiseanna ar leith ach le coicís anuas tá athrú ar sin.  D'éirigh linn dhá lá siopadóireachta a dhéanamh, an fhadhb anois ná go bhfuil gach rud á cheannacht againn do Fionnán.  I ndáiríre is bocht an rud é nuair nach bhfuil suim agam éadach a cheannacht dom féin, ach cabhraíonn sé leis an sparán is dócha ;)  Tá súil agam go mbeidh sé seo níos éasca nuair a éiríonn liom a bheith compórdach i mo chuid éadaí arís. Sin ráite tá neart rudaí eile ceannaithe seachas éadaí, chuaigh mé ar shopping spree beag seachtain ó shin, cheannaigh mé dhá mhála, bróga reatha, smidiú agus an cumhrán Coco Chanelle Madamemoiselle dom féin... bhí sé tuilte agam nach raibh ;)

Seo pictiúr a thóg mé cúpla lá roimh breith Fionnán agus pictiúr dom an tseachtain seo caite. Tá mé fós ag caitheamh cuid de na héadaí maternity a bhí agam ach is cuma liom, tá siad compórdach :)

 

5. Ag dul out and about

Rud atá soiléir anois ná níl sé chomh éasca sin an teach a fhágáil níos mó ach sin ráite d'éirigh linn dul ag Paráid lá le Pádraig inné, tús maith.  Tá míle is céad rud le réiteach roimh an teach a fhágáil agus tógann sé ar a laghad uair go leith gach rud a réiteach. Cuid de na rudaí is mó... An bhfuil an páiste ina dhúiseacht, an bhfuil nappy athraithe, an bhfuil ocras air?  Ní féidir mórán a rá faoi seo nach bhfuil ráite ag Michael McIntyre sa físeán seo.  Féach ar seo agus beidh píosa gáire agaibh freisin ;)

 

6. Lá na Máithreacha

Is lá tábhactach atá i lá na Máithreacha do mo Mham i gcónaí, agus i ndáiríre níor thuig mé go dtí an Domhnach seo caite an fáth leis sin.  Anois agus mé i mo Mham mé féin tuigim cé chomh tábhachtach is atá se céiliúradh a dhéanamh ar na Mamaís ar fad.  Is onóir é a bheith i do Mham agus nuair a éiríonn leat páiste beag a thabhairt ar an saol nil aon onóir níos mó ná sin. Mhíl mo leaidín beag mé d'éirigh leis bláthanna álainn agus balún mór mílteach a fháil dom, nach é atá cliste (bhuel, b'fhéidir gur chabhraigh Daidí leis).  Grá mo chroí sibh xxx

Sin é uaimse a chairde, mar a dúirt mé ní raibh mé ró-chinnte cén sórt blag a chuirfinn le cheile daoibh ach tá súil agam gur thathin sé seo libh, 

Grá mór, 

Roseann xxx