Mo 'Fixer-Upper' is déanaí!

Haigh a chairde, Síofra anseo libh arís! Is dócha go bhfuil an blag seo beagáinín difriúil dom. De ghnáth, scríobhaim faoi chúrsaí craicne nó cúrsaí áilleachta (mar gheall go mbíonn deacrachtaí craicne agam!) Ach, don uair seo, shocraigh mé blag a scríobh ar mo Fixer-Upper agus ar an bpróiseas. Sular thosaigh mé amach leis an tionscadal léigh mé go leor ailt agus blaganna ar Pinterest agus thuig mé go díreach céard a bhí romham!! Tá súil agam go dtaitníonn an blag libh agus go bhfoghlaimíonn sibh rud éigean uaidh!

So má bhreathnaíonn sibh ar an bpictiúr thíos bhí an dresser an-dorcha agus níor thaitin an dath liom ar chor ar bith. Ina theannta sin, tá cófraí adhmaid againn sa chistin, ach is dath an-gheall atá orthu, tá siad cineálaín buí.. (ní maith liom iad ach an oiread ach níl rogha againn mar gheall bhfuil an n-árasán ar cíos againn) so bhí a fhios agam nach rachadh an dá dath le chéile! Sin an fáth gur phioc mé dath geal le cur ar an drisiúr.

20180211_143953.jpg

Bhí an drisiúr i ndá pháirt agus mar gheall nach bhfuil mórán spáis againn san árasán bhí sé níos éasca mar gheall ar sin.

1. Sular thosaíomar bhí orainn na dorais agus na tarraiceáin a bhaint amach. Rinne Brian é sin!!   

2. Bhí cúpla  scríobadh air so shocraigh mé iad a líonadh le 'Wood Filler'.  Ba thaos (paste) é agus d'éirigh liom na scríobhtaí a líonadh leis! Ghlan mé na háiteanna a bhí i gceist agus ansin chuir mé beagán taois orthu. 

 Bí cinnte go ndéanann tú é seo sula thosaíonn tú amach leis an ngreanáil. 

Bí cinnte go ndéanann tú é seo sula thosaíonn tú amach leis an ngreanáil. 

3. Ansin, thosaíomar amach leis an ngreanóir (sander). D'úsáid mé an greanóir leictreach agus bhí sé fíor éasca. Bhí orainn na leathanaigh greanáil (sanding sheets) a úsáid freisin ar na cúinní agus ar na háiteanna a bhí níos casta. 

20180216_213820.jpg
 Caith masc ionas nach mbeidh dusta i do bhéal nó i do shrón!!

Caith masc ionas nach mbeidh dusta i do bhéal nó i do shrón!!

4. Ansin, nuair a bhí sé sin déanta againn agus an drisiúr glan thosaigh mé amach leis an bpríméar. Is cinnte nach mbreathnóidh aon rud go deas nuair atá príméar amháin air so ná bí buartha faoin sin. Tá sé fíorthábhachtach i mo thuairim ar aon nós go n-úsáidtear príméar mar séalaíonn sé dromchla na míre agus ina theannta sin níl leathoiread péint ag teastáil. 

20180217_123656.jpg
20180217_123804.jpg

5. Péint Péint Péint! Thóg sé trí chóta. Uaireanta, nuair a bhreathnaím air silím go bhfuil cóta eile ag teastáil i gcúpla áit ach braitheann sé ar an solas is dócha! 

6. Rinne Brian na hinsí agus na murláin. Bhí air iad a ghlanadh, a ghreanáil agus ansin a phéinteáil. D'úsáid sé Steel Wool chun iad a ghreanáil. Thóg sé go leor ama agus bhí pian ina lámha nuair a bhí sé críochnaithe leo. Ach, rinne sé sár jab orthu! Shocraigh muid spraephéint a úsáid. Cheannaigh muid gunna spraephéint agus bhí sé fíor éasca leis. Ní raibh sé costasach ach an oiread!

7. So ansin, nuair a bhí chuile rud tirim thógamar an scriúire (screwdriver) amach agus chuir muid an drisiúr ar ais le chéile. 

20180303_112819.jpg

Nuair a thosaigh mé amach leis an tionscadal seo, cosúil le chuile rud, bhí mé dóchasach go mbreathnódh sé go deas ag an deireadh. Agus, caithfidh mé a rá go mothaím an-bhródúil as an mbeirt againn!! Níor íoc muid ach 160 euro air agus sílim go mbreathnaíonn sé i bhfad níos costasaí anois! Is aoibhinn liom dathanna geala, úra agus clasaiceacha so sin an fáth gur chuir mé bán, liath agus teal le chéile. Má tá sé i d'intinn agat rud éigean mar seo a dhéanamh smaoinigh faoi na rudaí atá agat le cur isteach nó le cur air.. bí cinnte go mbeidh tú sásta leis na dathanna. 

20180304_152055.jpg

Tá tionscadal eile i m'intinn agam... ba mhaith liom clár cinn na leapa (headboard) a dhéanamh anois!! Caithfidh mé iad a dhéanamh go luath; sula éirím rómhór cinnte!!! Má tá aon tips agaibh don headboards ba bhreá liom iad a chloisteáil! 

Sin é uaim a chairde, 

Síofra xxx