Béilte Beaga Blasta... Ar ais arís in am d'Oíche Shamhna :)

Bhuel a chairde,  Tá ár mblag anois breis is trí bliana ar an bhfód agus tá dhá mhór-athrú tagtha i mo shaol ón am sin; páistín nua agam, Fionnán beag (Grá mo chroí ár ndóigh) agus anuas ar seo fuair mé post nua i mí Mheán Fómhair, ag múineadh Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge cúpla nóiméad ón mbaile i gColáiste na bPiarsach, Ros Muc.

Is leis na hathruithe seo a dhéanaim athbhreithniú pearsanta ar an tábhacht a bhaineann leis an mblag Gaeilge atá againn.  Deis againn an Ghaeilge a spreagadh i measc ár leantóirí agus lámh a bheith againn i gcaomhnú ár dteanga le go mbeidh sí ar fáil don ghlúin níos óige. Smaoiním anois agus mé i mo mhamaí agus mar mhúinteoir atá ar ais sa seomra ranga, ar an bhfáth gur bunaíodh an blag speisialta seo ós cionn 3 bliana ó shin; tá an freagra simplí, ceathrar múinteoirí Gaeilge atá an-chosúil le chéile ina gcuid smaointeoireachta agus fós an-difriúil óna chéile ina gcuid pearsantachtaí ag obair le chéile chun ár dteanga a choinneáil beo.  Bheadh bliain na Gaeilge againn chuile bhliain dá mbeadh sí faoinár gcúram!!!!

Céard a thugaimse don bhlag seo? I ndáiríre is ceist mhór í seo, a chuirim orm féin go minic, ró-mhinic b’fhéidir! Ceistním mé féin i gcónaí, an bhfuil aon rud gur féidir liom a rá nó a dhéanamh ar an mblag. Nuair a thosaigh muid an blag, bhí aithne orm mar bean na mBéilte Beaga Blasta.  Dár leantóirí nua, seans nár chuala sibh é seo riamh roimhe seo, thóg mé sos ón scríbhneoireacht le roinnt míonna.   Shocraigh mé an blag seo a scríobh chun scéal na mBéilte Beaga Blasta a roinnt libh agus chun an mír seo a athbheochan (má thaitníonn sé libh). Tá an t-ádh dearg liom go dtugann an blag deis dom an dá ábhar atá tábhactach dom i mo shaol múinteoireachta agus i mo shaol ó lá go lá a roinnt libh, an Ghaeilge agus an Eacnamaíocht Bhaile.  

Le bheith soiléir ní cócaire mé ach is múinteoir Eacnamaíocht Bhaile mé, rud nach mbíonn a fhios ag go leor daoine a leanann an blag. Bígí foighneach liom, go minic bím ag foghlaim mé féin agus mé ag roinnt mo chuid miasanna libh, níl mé foirfe agus ní bhíonn na miasanna foirfe i gcónaí ach an oiread ach déanaim mo dhícheall agus tá súil agam go dtaitneoidh sé libh :)

Seo roinnt samplaí de na cineál miasanna atá déanta agam ar an mblag go dtí seo agus tá siad ar fáil sa rannóg bia:


Le cúpla seachtain anuas tá mé ar ais sa seomra ranga ag déanamh an oiread cócaireachta agus is féidir liom le mo scoláirí.  Bíonn an bhéim den chuid is mó ar nósanna itheacháin sláintiúla i mo ranganna ach an tseachtain seo shocraigh muid díriú ar an bhféile Oíche Shamhna agus thug mé deis do na scoláirí roinnt bácála a dhéanamh don ócáid, (i ndáiríre ní raibh an dara rogha agam, sin a bhí uathu agus sin a fuair siad;)

Screen Shot 2018-10-28 at 17.27.21.png


Choinnigh muid simplí é agus rinne formhór do na scoláirí cístíní cupa (cupcakes), d’úsáid muid an oideas simplí seo ó www.odlums.ie agus shocraigh muid Damhan Alla a chuir ar bharr na gcístíní.

 Na Cístíní Cupa

  • 125g Plúr féin ardaithe

  • 125g Siúcra mín

  • 125g Im nó Margairín

  • 2 ubh

  • Cúpla braon Úscra Fanaile

  • (beagáinín bainne má bhíonn an meascán róthiubh)

Don Maisiú:

  • 300g Siúcra Reoáin

  • 150g Im

  • Dathanna Gel

  • Mílséan le haghaidh na cosa agus na súile

Ceann de na cúiseanna gur roghnaigh mé an oideas seo ná chun na dathanna iontacha seo a thaispeáint daoibh:

538054_1000_1_800.JPG

Is gel food colourings iad seo atá an-láidir i ndath agus a oibríonn níos fearr ná na buidéil dathanna atá an-leachtúil.  Ní athraíonn na Gels uigeacht an mhias. Ní theastaíonn ach fíor bheagáin a chuir le na gcístíní nó an reoáin. Is féidir na dathanna a mheascadh freisin m.sh dearg agus buí le dath oráiste a fháil.

Féach ar seo;


Chun na dathanna seo a fheiceáil i gceart féach ar an gcáca rainbow a rinne mé anuraidh:

Screen Shot 2018-10-28 at 17.25.04.png

Tá an modh an-simplí do na cístíní cupa:

1.     Cas ar an oighean ag 180oC

2.     Measc an t-im agus siúcra go dtí go bhfuil sé bog agus uachtarúil

3.     Cuir leis na huibheacha, úscra fanaile agus plúr agus measc go maith

4.     Cuir beagáinín bainne leis (más gá)

5.     Measc isteach do rogha dathanna:

6. Cuir san oighean ar feadh 15 -20nóiméad

7.     Déan an Reoáin:

  • Criathraigh an siúcra reoáin

  • Cuir leis an t-im

  • Measc le meascthóir leictreach

  • Cuir leis do rogha dath

8.     Lig do na cístíní fuarú agus ansin maisigh iad

Tá súil agam gur thaitin an blag seo libh agus gur fhoghlaim rud éigin nua… fúmsa nó faoin gcócaireacht;) Má thaitníonn na cineáil blaganna seo libh nó má tá aon oidea gur mhaith libh ar an mblag, fág teachtaireacht:)

Slán go fóill,

Roseann