Taisteal le Páistí

Haigh a chairde,

Síofra libh arís!

Má leanann sibh ár leathanach Instagram is dócha go bhfaca sibh go raibh muid ar ár laethanta saoire i Florida le déanaí.

Chuaigh mé féin, Brian agus Eddie chomh maith le mo thuismitheorii go Rosemary Beach ar Mhurascaill Mheicsiceo (Gulf of Mexico) agus bhí sé go haoibhinn. Dar le Google Maps tógann sé thart ar naoi n-uaire dul ann ó Evansville, an áit ina gcónaímid. Taitníonn an carr go mór le hEddie agus chodail sé go sámh ar an mbealach síos. Stopamar i Nashville, Tennessee le haghaidh lóin agus ansin lean muid ar aghaidh go Montgomery, Alabama. Áit fíorstairiúil atá inti - ní raibh mórán eolais agam fúithi ach is í an áit seo a thosaigh Rosa Parks agus na gníomhaithe eile ag troid in aghaidh an chiníochais a bhí ag tarlú i Méiriceá sna caogaidí.

D’fhanamar in Montgomery ar fead dhá oíche chun an turas a bhriseadh agus thaitin an áit linn. Bhí a chéad snámh ag Eddie san óstán ann agus thaitin an t-uisce go mór leis!! Bhí an cúigear againn ag fanacht i suite deas le cistin bheag a bhí feistithe le hoigheann micreathonna, cuisneoir agus oigheann. Bhí an oigheann micreathonna fíoráisiúil don steirileoir agus mar sin bhí sé fíorchompórdach dúinn.

Ansin, nuair a shroich muid Rosemary Beach thit muid i ngrá leis an áit! Bhí sé cosúil leis an Muir Chairib (Caribbean) le gaineamh bán agus uisce soiléir. Chaith mé seal i Jamaica agus The Dominican Republic cúpla bliain ó shin agus bhí go leor cosúlachtaí eatarthu. D’fhanamar ar feadh seachtaine agus tháinig mé ar ais le cuimhneacháin áille ónar gcéad thuras mar chlann nua.

Ar aon nós shocraigh mé an blag seo a scríobh nuair a bhí mé ag pacáil don turas mar cheap mé go mbeadh sé úsáideach do dhaoine eile a bheadh ag taisteal le páistí.


20180925_171739.jpg
  1. Plean

An chéad tip a thabharfainn daoibh ná a bheith eagraithe! Is dócha go bhfuil sé cineál follasach nó soiléir ach má scríobhann tú seicliosta beidh sé i bhfad níos éasca oraibh! Tosaigh amach ag pacáil seachtain nó dhó roimh ré agus cuir chuile rud ar leaba éigean ionas go mbeidh tú in ann chuile rud a fheiceáil!

Chuir mé éadaí Eddie i málaí plaisteacha agus bhí sé fíor handy! Chuir mé culaith amháin i málaí beaga agus bhí Brian agus mo thuismitheoirí in ann chuile rud a fheiceáil agus a fháil go héasca.

20181020_220138.jpg

Mar gheall go raibh muid go léir ag taisteal i gcarr amháin bhí orainn mála a cheannach do dhíon an chairr ionas go mbeadh muid in ann chuile rud a thabhairt linn. Cheannaigh Brian an mála seo thíos ar líne agus bhí sé go hiontach! Mar is eol daoibh caithfidh tú baile beag a thabhairt leat do pháistí beaga cosúil le hEddie agus chruthaigh sé seo i bhfad níos mó spáis dúinn!

20181020_222158.jpg

2. Mála Breise

Mar gheall go raibh formhór d’éadaí Eddie sa chás a bhí ar dhíon an chairr chuir mé mála breise a bhí lán leis na buidéil, bainne srl. sa charr in aice liom. Ina theannta sin bhí mo mhála chlúidín (nappy bag) agam sa charr ach ní féidir leat a bheith róeagraithe!!

Tá mé ag dul abhaile go Gaillimh ar feadh míosa thar na Nollag agus is cinnte go mbeidh sé níos deacra orm mar ní bheidh an spás céanna le fáil agus mé ar an eitleán ach beidh sé OK!!

3. Google Maps

An tríú tip a thabharfainn ná an turas a phleanáil go cúramach. Cé nach raibh an turas seo déanta againn riamh bhí a fhios againn cá raibh muid ag stopadh agus mar sin níor chuir muid aon am amú ag cuardach bialainne.

Freisin, is féidir an bealach a íoslódáil roimh ré ar eagla nach mbeadh clúdach maith agat i gcónaí.

4. Fean

Dá mbeadh an aimsir te bí cinte go bhfuil fean ceannaithe agat roimh ré! Cheannaigh mé mo cheann ar Amazon. Ní raibh sé ach $19! Féach air thíos!

Fan.jpg

5. Rannóir Foirmle (Formula Dispenser)

Cheannaigh mé an dispenser seo thíos agus is ‘lifesaver’ é. Tá dhá chinn agam. Líon mé iad leis an bhfoirmle agus ansin bhí sé bhuidéil réidh dom agus ní raibh orm an bosca mór a oscailt agus muid ag tiomáint!

dispenser 3.jpg

6. Ceol

Tá Eddie róbheag i ndáiríre agus de ghnáth titeann sé ina chodladh agus é sa charr ach freastalaímid ar ‘Kindermusik’ le chéile chuile sheachtain agus sheinn mé an dlúthdhiosca cúpla uair ar an mbealach abhaile agus thaitin sé go mór leis!

7. Puball

Cheannaigh muid an puball seo thíos i Florida agus bhí sé go hiontach!

Snapchat-860862673.jpg

8. Spéaclaí Gréine

Nach bhfuil na spéaclaí gréine seo thíos chomh cute? Is as Babiators iad. Bhí siad $20 ach beidh siad oiriúnach dó go dtí go bhfuil sé dhá bhliain d’aois! Tá neart síneadh iontu!! Tugann siad cosaint in aghaidh na ngathanna ultravialait (UV rays) agus tá sé sin fíorthábhachtach!

20180921_164525.jpg
20180923_162647(0).jpg

Sin é a chairde, tá súil agam gur fhoghlaim sibh rud éigean ón mblag seo agus má tá aon tips agaibh le haghaidh eitilt chianaistir (long haul flight) ba bhréa liom iad a chloisteáil.

Síofra X