Loves an Luain- Gearóidín

Táimid ar ais buíochas le Dia. Le bliain nua amach romhainn tá muid ag iarraidh níos mó iarrachta a chur isteach sa mblag agus a dhul ar ais i mbun scríbhneoireachta. Mar sin tá muid ar ais le Loves an Luain :)

Rud atá pioctha agamsa don tseachtain seo ná bronntanas a fuair mé ó mo dheirfiúr don Nollaig. Cheannaigh sí an dialann álainn seo dom ón Pippa Collection. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-deas. Ní rud é a cheannóinn dom féin go deo agus mar sin bhí sé an-deas é a fháil. Is breá liom é sin, nuair a fhaigheann tú bronntanais do rudaí nach gceannófá dhuit féin go deo. 

Ní bean mhór #goals mise agus níorbh ea riamh, ach é sin ráite tá cúpla rud ar mhaith liom a dhéanamh i mbliana agus mar mhúinteoir is breá liom aon rud a bhaineann le stáiseanóireacht. Tá an dialann seo leagtha amach go deas le manaí deasa ag tús chuile mhí. Is féidir leat pleananna a scríobh isteach ann go míosúil/chuile trí mhí nó go seachtainiúil mar sin tá sé an-áisiúil ag aon duine a bhíonn an-ghnóthach. 

An rud is mó is maith liomsa faoi ná nach bhfuil aon dátaí scríofa isteach ann, mar sin ceapaim go bhfuilim chun é a choinneáil agus é a úsáid an bhliain seo chugainn, níl mé cinnte fós. Ar aon nós seo nasc thíos chun é a cheannach: 

20180108_173749.jpg