Maratón 2017 agus mo chuid pleananna do 2018

Haigh a chairde, 

An t-am seo anuraidh shuigh mé síos agus shocraigh mé 1/2 mharatón a rith in éindí le mo bhuachaill cara. Ag an am cheap mé gur rud é nach ndéanfainn go brách mar nach duine mé a bhíodh ag rith. Thosaigh mé ag traenáil i mí Eanáir agus bhí ag éirí go maith liom 5kanna a rith ach b'shin é. Ansin bhuail an leisce mé i mí Feabhra agus Márta agus ní dhearna mé faic na ngrásta.  Ní raibh mé ag baint taitnimh as. Bhí sé deacair a bheith ag dul amach sa mbáisteach ag rith liom féin agus bhí sé leadránach. Ansin i mí Aibreáin agus i mí Bealtaine shocraigh mé féin agus grúpa múinteoirí ó mo scoil an 'Galway 5k series' a dhéanamh.

20170910_112108.jpg

Is éard atá ansin ná 6 rása 5k in áiteanna éagsúla timpeall Ghaillimh agus tosaíonn siad i mí Aibreáin. Thaitin sé seo thar cionn liom. Thug mé faoi deara go raibh mé ag fáil níos sciobtha chuile sheachtain ar bheagán traenála agus mar sin thit mé i ngrá leis an rith. Ag deireadh mí Aibreáin chláraigh mé chun Maratón Dhaingean Uí Chúis a dhéanamh. I mo chloigeann ba 4 5k a bheadh ann agus ní bheadh sé an-dona dá ndéanfainn beagán traenála. D'aon duine atá ag tosnú amach mholfainn an 5k series go mór dóibh :) 

Thosaigh mé ag déanamh 8kanna timpeall na Ceathrú Ruaidh ansin i mí an Mheithimh. Bím ag obair mar phríomhoide in éindí le hAisling i gColáiste Uí Chadhain so ní mórán deise a bhí agam a bheith ag dul ag rith. Ach shocraigh mé féin agus Síofra 10k a dhéanamh 'Run for Ollie' (mholfainn d'aon duine é a dhéanamh, rása iontach) agus ina dhiaidh sin bhí mo chuid seolta crochta. 

IMG_20170611_121252.jpg

I mí Iúil agus Lúnasa thosaigh mé ag déanamh i bhfad níos mó 10kanna agus ansin b'fhéidir mí roimh an rása rinne mé trí 18k. Ba chuma liom riamh faoi ham fad agus go raibh mé ag rith. Uaireanta bíonn an iomarca béime ag daoine ar cé chomh sciobtha agus atá tú ag rith ach ceapaimse ar aon nós má fhaigheann tú pace deas a fheileann duit féin tá sé sin i bhfad in Éirinn níos tábhachtaí mar níl tú do mharú féin agus bainfidh tú i bhfad níos mó taitnimh as. 

An rása mór!!!! Caithfidh mé a rá go raibh mé an-neirbhíseach ach an-excited ag an am céanna. Níl mé cinnte cé mhéad duine a bhí ag rith thíos sa Daingean anuraidh ach bhí na mílte ann. Bhí an aimsir go deas agus muid ag tosaí ach 5 nóiméad isteach sa rás thosaigh sé ag stealladh báistí agus lean sé ar don chuid eile don lá. Ba chuma liom faoi sin i ndáiríre, an t-aon rud nach dtaitníonn liom nuair a bhím ag rith ná nuair atá an ghaoth díreach siar sa smút ort agus níl tú in ann análú. 

Bhí chuile rud go breá agus an t-uafás tacaíochta á thaispeáint ag muintir Chiarraí. Bhí tréimhsí den rása nach raibh mé in ann tada a cloisteáil ar m'Ipod mar go raibh an oiread daoine ag screadaíl. Phléasc mé amach ag caoineadh ag Tigh Pháidí Ó Sé i gCeann Trá mar go raibh grúpa ceoltóirí amuigh sa mbáisteach ag ceol mar thacaíocht do na daoine a bhí ag rith. Bhí mé an-bhródúil ag an bpointe sin. Bhí cúpla uair eile a thosaigh mé ag caoineadh le linn an ráis, an t-aon fáth ná nach raibh mé in ann a chreidiúint go raibh mé dhá dhéanamh, duine nach raibh in ann 5k a rith gan stopadh anois bhí mé ag rith 1/2 mharatón. 

Bhí chuile rud ag dul go breá go dtí 18k ag an bpointe sin bhí mo chosa ag tabhairt uathu agus cheap mé nach bhfeicfinn an líne chríche go brách. Thosaigh pian ag teacht chuile áit ansin go háirithe i mo chorróg, áit a bhíonn tinn orm go minic.

Bhí seanfhear (seans go raibh sé thart ar 60) ag rith le mo thaobh agus bhí sé ag déanamh an maratón uilig (42k). Labhair sé liom agus i ndáiríre bhí mé ag rá liom féin 'cop on' má bhí seisean in ann é a dhéanamh bhí mise in ann é a dhéanamh. Thosaigh mé ag rá liom féin nach raibh ann ach 3 cinn eile agus go raibh mé beagnach ann. 

Chríochnaigh mé an 21k i 2 huaire 08 nóiméad!!!!!! Ba í an aidhm a bhí agam ná 2 huaire 30/45 nóiméad! 

20170902_151552.jpg

Ní raibh pianta orm an lá ina dhiaidh ach oiread ach d'at mo chosa agus b'éigean dom mo chuid sáilí arda a bhaint díom faoin mbord an oíche sin agus muid istigh i Dick Macks ag ceiliúradh! 

I mbliana mar sin ba bhreá liom Daingean a dhéanamh arís, go háirithe dá mbeadh an aimsir níos fearr mar deirtear gurb é ceann de na maratóin is radharcach ar domhan é. Tá ceann eile i nGort i mBealtaine agus ba bhreá liom é sin a dhéanamh dá mbeinn in ann éirí do mo thóin!!!! 

Cúpla Tip

1. Ná tosaigh ag traenáil leat féin ag an tús!!!! Bíodh cara in éindí leat fiú le haghaidh 5kanna agus tú ag tosaí amach ag rith ar dtús. Ach bí in ann rith leat féin freisin. 

20171115_221608.jpg

2. Bíodh ceol maith agat! Cheannaigh mise an iPod Shuffle, an ceann beag. Bhí sé an-handy agus éasca le greamú ar do gheansaí agus tú ag rith. 

1200px-5G_IPod_Shuffle.svg.png

3. Bróga reatha- ceann de na rudaí is tábhachtaí!!!! Bhíodh mise ag rith i bpéire bróga reatha a bhí agam i gcónaí agus bhínn ag fáil droch phianta i mo chorróg ach go háirithe. Dúirt cara liom dul go hElverys agus an tastáil sin a dhéanann siad ar do chosa a dhéanamh. Moltar má bhíonn tú ag rith; dul suas saghas agus más Asics atá tú ag ceannach téigh suas saghas go leith. Mar sin caithim saghas 5 de ghnáth agus cheannaigh mé péire Asics a bhí 6 1/2. Ná téigh le branda mar go gceapann tú gur iad sin is fearr, ceannaigh cuid atá compordach. Thriáil mise orm 6/7 bpéire an lá a bhí mé ag ceannach. 

4. Caithfidh tú d'intinn a thraenáil. Is minic atá do chosa/chorp in ann an jab a dhéanamh ach beidh tú ag rá leat féin nach bhfuil tú in ann agus go gcaithfidh tú stopadh. An rud a dhéanaimse ná piocaim amach rudaí ar an mbealach agus deirim liom féin rith go dtí an claí agus ansin an crann agus ar aghaidh liom mar sin. 

5. Éist le do chorp ná téigh ag rith má tá pianta ort ach ag an am céanna ná bí ag rá leat féin go bhfuil pianta ort!!!

6. Níl aon ghá leis seo ach cheap mise go raibh sé go maith. Bhí an FitBit beag agam agus nuair a bheinn ag rith ní raibh a fhios agam cé chomh fada agus bhí mé imithe. Do mo bhreithlá cheannaigh Bernard uaireadóir Garmin dom. Tá an aip a théann leis iontach uilig! Insíonn sé duit cé chomh sciobtha agus atá tú ag dul, cé chomh sciobtha a bhogann do chosa, cé chomh sciobtha agus atá do chroí ag dul agus coinníonn sé mapa do na háiteanna a théann tú. Chomh maith leis sin comhairíonn sé do chuid cois céimeanna le linn an lae agus an t-uafás eile nach bhfuil oibrithe amach agamsa fós! (Má tá tú chun ceann a cheannach bíonn siad níos saoire ar Amazon). 

shopping.jpg

Bhuel sin a bhfuil uaimse a chairde, má bhíonn aon cheisteanna agaibh déan cinnte iad a chur. Ní haon saineolaí mise agus ní mórán rith atá déanta agam ón mbliain seo caite ach tá mé cinnte dearfa chun a dhul ar ais aige i mbliana! 

Gearóidín X