Loves an Luain - Síofra

downloadfile-1.png

Haigh a ghlams, 

Síofra anseo le Loves an Luain! Don uair seo shocraigh mé na trí thairgí áilleachta a úsáidim chuile lá a thaispeáint daoibh!

1. Folaitheoir (concealer)

2. Smidiú mianrach (mineral makeup)

3. Mascára

Chomh maith leis na trí thairgí sin úsáidim Bronzer agus Blusher ach ní úsáidim na cinn céanna lá i ndiaidh lae! Ach is na trí tháirgí thíos mo 'staples'! 

Seo pictiúr 'before' agus 'after' dom agus ceapaim go bhfuil difríocht mhór le feiceáil go háirithe i ndreach mo chraiceann! Ach ná déanaígí dearmad ní saineolaí mé ar chor ar bith ach ceapaim go bhfuil torthaí maithe le feiceáil óna trí tháirgí sin amháin! Ní chaithfidh tú an t-uafás táirgí a úsáid chun torthaí maithe a fháil!

Collage 2018-01-27 17_47_43.jpg

Ar dtús, cuirim mo fholaitheoir faoi mo shúile - Instant Concealer ó Clarins an t-ainm atá air. An ceann is fearr a thriáil mé riamh! Tá sé éadrom ach fós clúdaíonn sé na ciorcail dorcha atá faoi mo shúile. Silím go mbreathnaíonn mo shúile i bhfad níos gille théis beagáinín den 'concealer' seo! Cuirim é timpeall mo shrón freisin - is féidir leat é a chur ar na spotaí nó na 'blemishes' atá ort ach ní cheapaim go gcludaíonn sé i gceart iad! Déanann sé an craiceann níos gille so mar sin bheadh 'concealer' atá níos tibhe níos fearr d'acne. Úsáidim uimhir a haon!

An dara rud ná mo Jane Iredale Pure Pressed Base Mineral Foundation. Is AOIBHINN liom é! Bhínn i gcónaí ag ceannach foundations nua mar ní raibh mé riamh sásta leis na cinn a bhí in úsáid agam! É sin ráite, is maith liom Georgio Armani Luminous Silk chaith mé é do mo bhainis agus tá sé go hálainn! Ach, go laethúíl caithim 'mineral makeup' mar tá sé i bhfad níos fearr do do chraiceann! Níl na leathaithigh (preseratives) cosúil le 'parabens', 'chemical dyes' nó 'fragrances' istigh iontu agus dé ghnáth bíonn siad istigh sa smidiú traidisiúnta. Má tá acne ort is cinnte go gcabhróidh 'Mineral Makeup' leis sin - Molann The Skin Nerd Jennifer Rock é i gcónaí agus tá an t-eolas ar fad aici! 

 Úsáidim Warm Sienna. 

Úsáidim Warm Sienna. 

Mineral Makeup.jpg

An tríú rud ná Mascára. Tá an t-uafás mascaras ceannaithe agus triáilte agam agus is féidir liom a rá gurb é an ceann seo Definicils ó Lancome an ceann is fearr liom! Scarann agus fadaíonn sé mo fhabhraí agus tá sé an-mhaith domsa mar níl fabhraí fada agam ar chor ar bith!  Bainim úsáid as eyelash curler (catóir fabhraí) freisin gach uile lá! Tip: Úsáid an triomadóir gruaige chun é a théamh sula n-úsáideann tú é.. Ach, bí cúramach!!

Mascara.jpg

Sin é uaim a chairde, tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblag seo, nó gur d'fhoghlaim sibh rud éigin uaidh! 

Síofra Xx