Mo Shaol Nua i Meiriceá! - Síofra

Haigh a ghlams, 

Beannachtaí ó Mheiriceá! Faoi láthair agus mé ag scríobh an bhlag seo tá cluiche mór peil Mheiriceánach ar an teilifís - tá Brian gafa leis an glcuiche!! Ní thuigim na rialacha i ndáiríre! Is gearr eile go mbeidh mé i mo Yank ceart!

Nílim cinnte cén sort blag  é seo - blog pearsanta b'fhéidir, 'update' beag b'fhéidir? Ar aon nós, tá mé fíor sásta a bheith ar ais ag scríobh blaganna; le bheith fírinneach tá gaol an ghrá agus na gránach agam leis an scríbhneoireacht. Faighim an-deacair é mo chuid smaointe a scríobh síos, ní cheapaim go bhfuil mórán le rá agam, nó uaireanta sílim nach mbeadh suim ag éinne ann! Ach mar gheall go bhfuilim tar eis athrú mór a dhéanamh i mo shaol; mo chlann agus mo chairde a fhágáil, mo phost buan a fhágáil mothaím go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh mo chuid Gaeilge a úsáid, mo scéalta agus mo thaithí a roinnt libh agus iarracht a dhéanamh mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a choinneáil! Go háirithe mar gheall go bhfuil Bliain na Gaeilge linn!!

(Dár léitheoirí nua) - Ar an seachtú lá de Dheireadh Fómhair thug mé féin agus mo fhear céile Brian ár n-aghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach. Bhogamar go Meiriceá! Cé go raibh meangadh mór ar m'aghaidh nuair a tógadh an pictiúr seo thíos bhí mo chroí dubh. Bhí mé díreach théis slán a fhágáil do mo thuismitheoirí ar an bhfón agus shíl mé nach mothóinn aon sonas arís riamh! (Dramatic tá's agam!!) Ach tuigfidh aon duine a d'fhág Éirinn é sin!

 Mé féin agus Brian ag aerfort Bhaile Átha Clath!

Mé féin agus Brian ag aerfort Bhaile Átha Clath!

Tá muid anseo i Meiriceá ar feadh trí mhí anois agus cé go dtaitíonn sé liom ní bhuailfeadh tada an baile! Níl aon tinteán mar do thinteán féin mar a deirfeá! Thuigeamar nach mbeadh sé easca chuile rud a fhágáil sa bhaile agus bhí deis iontach againn so cén fáth nach dtógfaimis an seans? Is féidir linn dul abhaile mua oibríonn sé amach nach féidir? Bhuel is fusa a rá ná a scríobh! Tógann sé an t-uafás ama chuile rud a chur le chéile! Tá ár n-árasán beagnach réidh - tá cúpla rud fós le ceannach againn - ach is dócha go mbeidh rudaí i gcónaí le ceannach!

Tá chuile rud difriúil anseo, an bia, na daoine, na héadaí!! (Ná déanaigí dearmad a chairde. is in Evansville, Indiana atá muid! Níl muid inár gcónaí in aice le hOlivia Palermo nó Blake Lively!!) Is áit fíor-casual atá ann agus mar sin mothaím cineálín 'out of place' nuair a chaithim na héadaí is fearr liom! Ach, é sin ráite, dá mbeadh mála dubh orm ba chuma leis na daoine anseo mar ní dhéanann sé aon difríocht cad a chaithim - agus is breá liom m'éadaí deasa a chaitheamh! Ní duine 'Resolutions' mé ach bheartaigh mé i mbliana mo shaol féin a chaitheamh seachas a bheith buartha faoi shaolta/thuairimí na ndaoine atá timpeall orm! Go háirithe anois mar go mbíonn tionchar diúltach ag na meáin sóisialta ar ár saol! 

You do You 2.jpg

Tá mé ag obair mar 'Staffing Consultant/Recruiting Consultant' anois agus taitníonn sé liom. Buailim le mórán daoine chuile lá, an chuid is mó acu gan oideachas agus gan aon tacaíocht óna dteaghlaigh. Ina theannta sin bíonn fadhbanna móra acu le drugaí agus de ghnáth nuair a chuirtear scrúdaithe drugaí orthu ní éiríonn leo! Chuirfeadh sé faitíos ort! Shúfadh sé an t-anam asat, i ndáiríre. Ach nuair a fhaighim obair do na daoine sin mothaím go bhfuilim ag cabhrú leo a saol a chur ar an mbóthar ceart agus is maith an rud é sin! Déanann sé maitheas do m'anam! Tá cártaí gnó agam anois!! :-)

Ach, é sin ráite, airíonn mé uaim saol an mhúinteora agus na daltaí a bhí mé ag múineadh. Is dócha go mbeidh mé ar ais ag obair mar mhúinteoir Gaeilge sa todhchaí - tá súil agam go mbeidh mé ar aon nós! Agus is cinnte gur maith an rud é sosanna a thógáil ón obair éilithe sin ionas nach mbeidh tú tinn tuirseach leis!

 Mo chártaí gnó! #adulting 

Mo chártaí gnó! #adulting 

Tá mé ag súil go mór leis an gead cúpla mí eile anseo i Meiriceá agus na rudaí a bheas ag tarlú i gceann cúpla mí - tá go leor rudaí exciting amach romhainn! Ach, labhróidh mé faoi sin sa todhchaí! :-)  

Slán go fóillín,

Síofra. xxx