Leabhair atá léite agam le déanaí!

Tá blag na seachtaine seo difriúil. Ní ceann faisin atá ann, is ceann é faoi leabhair mar aon duine a bhfuil aithne acu orm tuigeann siad an suim atá agam i leabhair agus sa léitheoireacht.

Níl tada níos deise liom ná suí amuigh i mo ghrianán agus cupán caife a ullmhú agus mo leabhar a léamh. Ní ar éadaí amháin a bhím ag caitheamh mo chuid airgid. Bhínn i gcónaí in Easons ag ceannach leabhair agus ní leabhar nó dhó a cheannóinn ach trí cinn nó ceithre cinn. 

É sin ráite cheannaigh mo mham ‘Kindle’ dom i mí Aibreáin agus níor cheap mé go deo go mbaineann úsáid as nó go mbeadh suim agam ann. Thosaigh mé á úsáid faoi dhereadh i mí Mheán Fómhair agus anois ní cheapfainn go gceannóidh mé leabhar aríß go deo. Tá sé i bhfad níos éasca, níos saoire agus níos áisiúla seachas a bheith ag iompar thart leabhar.

Mar sin i mbliana shocraigh mé mo leabharlann áitiúil a úsáid níos minice, rud a chiallaigh go mbeadh níos mó airgid agam le dul ag siopadóireacht!! WIN WIN!! Seo trí leabhar atá léite agam agus céárd a cheap mé dóibh. Léim chun sos a fháil ón obair agus mo scíth a ligean. Uaireanta deirim liom féin gur cheart dom níos mó leabhair 'oideachasúla' a léamh ach nach cuma.

An chéad leabhar ar an liosta ná

The Couple Next Door

Unknown-2.jpeg

 

Wow bhí an leabhar seo chomh hiontach sin nach raibh mé in ann é a leagan síos. Téim a chodladh an-luath ach nuair a bhí an leabhar seo á léamh agam ní raibh mórán fonn orm an solas a chasadh de. Ní raibh uaim ach fáil amach céard a bhí chun tarlú an chéad uair eile. Bhí sé iontach, rinne mé an oiread sin cainte faoin leabhar seo gur léigh mo dheirfiúr, Marion agus mo chairde é. D'aontaigh siad uilig liom. Uaireanta le leabhair bíonn fios agat céard atá chun tarlú, anseo ní raibh cliú dá laghad agam agus bhínn ag deifriú abhaile chun é a léamh.

Cinnte 9/10

What a Complete Aisling

Unknown-1.jpeg

Mhol duine agaibhse an leabhar seo dom lá amhaín ar 'Snapchat' agus mo leán cheannaigh mé é. Scéal an-ghreannmhar, réadúil, tipiciúil do chailín Éireannach atá anseo agus tarlaíonn agus deirtear go leor rudaí sa leabhar seo a chloistear na laethanta seo agus a deireann muid ar fad.

Ba 'easy read' a bhí ann agus bhain mé an-taitneamh as. Ní fhoghlaimeoidh tú aon rud ón leabhar seo agus beidh tú in ann ceangal a dhéanamh le roinnt de na carachtair nó déanfaidh tú ceangal idir carachtar sa leabhar agus cara, deirfiúr, deartháir nó tuismtheoir leat. Chuala mé ansin le tamall anuas go bhfuil siad ag smaoineamh scannán a dhéanamh faoi agus go bhfuil  sé ar intinn  acu leabhar eile a scríobh. Má tá racht gháire uait nó 'oick me up', léigh é seo.

Thabharfainn 7/10 don leabhar seo.

The Importance of being Aisling

Screen Shot 2018-11-11 at 12.37.50.png

Léigh mé é seo cúpla seachtain ó shin agus le bheith fírinneach mé an-díomá orm leis. Cheap mé go raibh an chéad cheann i bhfad níos fearr, céarda cheap sibh?!

Go bunúsach tá Aisling ar ais arís lena buachaill cara John. Tá sé fós ina cónaí i mBaile Átha Cliath ach ansin tarlaíonn tragóid ina saol a chiallaíonn go gcaithfidh Aisling bogadh abhaile lena máthair, rud nach bhfuil sí cinnte faoi,

Gan aon phost ná fios aici cá bhfuil cá bhfuil a saol ag dul, téann sí go Vegas leis na cailíní san áit go dtarlaíonn go leor agus go ndéanann sí cinneadh a gnó féin a bhunú. Bíonn idir gháire agus chaoineadh, chomh maith le briseadh croí agus áthas.

Céard atá i ndán di?

Bhuel níor thaitin an leabhar liom, cé gur léigh mé go dtí an deireadh níor cheap mé go raibh sé chomh maith ar chor ar bith leis an gcéad cheann, ach níl ansin ach mo thuairim féin.

The Break

Unknown.png

Seo leabhar eile a léigh mé le déanaí agus ar bhain mé taitneamh as. Is maith liom an stíl scríbhneoireachta atá ag Keyes agus tá go leor dá cuid leabhair léite agam.

Sa scéal seo, feicimid Amy, a fear agus a dtriúr iníon. Gnáthchlann thipiciúil. Ansin faigheann athair a fear céile bás agus bíonn sé ag streachtailt leis an saol, gan é in ann deileáil lena chuid mothúcháin. Lá amháín socraíonn sé go dteastaíonn 'break' uaidh, sos sé mhí, gan a bhean agus na páistí.

Fágtar Amy i mbun an tí agus í gnóthach mar a bhí le post a thugann anonn s' anall go Sasana í. Cén chaoi a n-éireoidh leí leis seo?????? Is fiú an scéal a léamh.

8/10

Roinnt leabahir eile atá léite agam ó shin ná

1. Tara Road le Maeve Binchy( i know níl sé léite agam)

2.Keep you Safe le Melissa Hill

3. Stranger in the House.

I láthair na huaire tá ‘The Tattooist of Auschwitz’ á léamh agam. Níl mé fiú imithe leathbhealaí fós agus tá mé ‘addicted’.

An bhfuil sé léite ag aon duine eile? Ba bhreá liom bhur smaointe leabhar a fháil mar bím i gcónaí sa tóir ar leabhar.

An bhfuil moltaí leabhar agaibh dom? Ba bhreá liom iad a chloisteáil.

Aisling X