2018....Bliain Nua...Athruithe móra :)

Haigh a Chairde, 

Tá sé píosa ó scríobh mé blag daoibh ach caithfidh mé a rá go bhfuil sé go deas a bheith arais!! 

Mar is eol daoibh ag an bpointe seo beidh Baby beag Uí Fhlatharta linn sula bhfad le Cúnamh Dé.  Seans gur é seo ceann de na cúiseanna is mó go raibh mé ciúin le píosa. Cé go bhfuil mé ag scríobh blaganna le os cionn dhá bhliain anuas ba am príomháideach a bhí ann domsa agus mé ag dul i dtaithí ar na hathruithe a bhí ag tarlú i mo chorp.

Shocraigh mé mo chéad bhlag do 2018 a bheith dírithe ar mo thuras go dtí seo agus cuid de na rudaí nua atá foghlamtha agam a roinnt libh :) Ní minic nach mbíonn fios mo bhealaí agam ach is eispeireas iomlán nua é seo domsa agus tá muid ag súil go mór leis. 

 Fuair mé an t-léine seo mar bhrontannas ó Aisling... Nílim cinnte an raibh teachtaireacht aici dom ;) 

Fuair mé an t-léine seo mar bhrontannas ó Aisling... Nílim cinnte an raibh teachtaireacht aici dom ;) 

Na Cravings....

Seo'd ceann de na ceisteanna a chuirtear orm go minic.  Is múinteoir Eacnamaíocht Bhaile mé agus cheap mé go mbeinn fós iontach ag ullmhú mo chuid béilte agus nach mbeadh aon cravings aisteach agam  Ár ndóigh ni raibh sé chomh simplí sin.  Tá a fhios agaibh go bhfuil suim agam i mbéilte sláintiúla a réiteach ach creid é nó ná creid tá gach suim cailte agam sa chócaireacht.  É sin ráite tá súil agam go mbeidh am agam roinnt blaganna do mo bhéilte beaga blasta a dhéanamh daoibh arís go luath.

d37b51d2e96e3d90bb250a49a8280f27d3c84f1e.jpg

Cá bhfuil na héadaí do mhná atá ag iompar....

Ar nós aon chailín eile a bhfuil suim aici i gcúrsaí faisin, tá sé deacar glacadh leis nuair a bhíonn do chuid éadaí ar fad ró-bheag duit, ach tá sé níos deacra fós nuair a fhaigheann tú amach nach bhfuil éadaí maternity ar fáil in aon siopa i nGaillimh seachas Newlook agus Debenhams!!! Tabharfaidh sibh faoi deara gur rogha an-bheag atá sna siopaí seo agus go mbionn ort an éadach a cheannach ar líne rud nach bhfuil éasca agus tú ag méadú chuile lá. 

Bhí Nollaig an-chiúin agam i mbliana, bhí mé amuigh leis na cailíní cúpla oíche.   Ní raibh deis agam mórán siopadóireacht a dhéanamh dom féin leis an easpa rogha a bhí ar fáil sna siopaí.  É sin ráite stop mé i nGaillimh ar mo bhealach abhaile inné agus cheannaigh mé léine le bróidneireacht ar i Miss Selfridge.  Tá an tréimhse 40 seachtaine ag teacht gar agus níl dabht ar bith ach go mbeidh roinnt éadaí NUA uaim don chaibidil nua seo i mo shaol.  Nach bhfuil an ceart agam? Ní fhéadfainn é a fhágáil i mo dhiaidh ar €12.  Tá súíl agam go mbeidh mé i mo mhamaí stialmhar ;)

LTTXR_SQ1_0000000013_WHITE_MDf.jpg

 

Tá mé ag caitheamh brístí maternity ó Mhí Lúnasa agus is fada liom go mbeidh mé arais i mo denims féin arís. Thóg sé píosa orm theacht ar na denims is fearr domsa agus na cinn nach raibh ró-chostasach.  Fuair mé cheithre cinn de na brístí seo i ndathanna difriúla in H&M in Áth Luain, cheannaigh mé na cinn "superstrectch" mar bhí siad éadrom agus téann an banda ós cionn an bump.

hmprod.jpg

Rinne mé roinnt siopadóireacht ar ASOS freisin cheannaigh mé cúpla gúna atá le feiceáil ar instagram agus facebook.  Bhí rogha maith ar boohoo freisin ach faraor bhí orm formhór don éadach a sheoladh arais mar gheall nach raibh an chaighdeán ná an fit ró-mhaith.

 Chaith mé an gúna seo ag cúpla ócáid i mbliana.

Chaith mé an gúna seo ag cúpla ócáid i mbliana.

Na must haves.....

De réir is atá na míonna ag imeacht leo, tá roinnt must haves agam.  Bheinn caillte gan an cúpla rud seo. 

Pregnancy Pillow a cheannaigh mé i Mamas and Papas i mBaile Átha Cliath.  Tá sé seo iontach chun oíche codladh a fháil agus tugaim liom i ngach áit é.  Níl aon Óstán ó cheann ceann na tíre nach bhfuil feicfidh aige agus mé ag taisteal don obair. 

Mamas-and-Papas-Pregnancy-and-Nursing-pillow.jpg

Clarins Tonic/Bio Oil.  Cheannaigh Síofra é seo dom mar bhronntanas nuair a fuair mé amach go raibh mé ag súil.  Ní féidir liom mórán eile a rá seachas go bhfuil sé FAB.  Tá sé an-chostasach ach ag an am céanna tugann sé craiceann deas mín dom agus ag súil go mbeidh mé in ann na stretchmarks a sheachaint.  Nuair a rithim amach as seo, úsaidim Bio-oil agus tá sé níos saoire.  Bhí sé seo ar bharr mo liosta Nollaig i mbliana agus fuair mé neart dó seo mar bhrontannas.  Go raibh míle maith agaibh Mam agus Mart ;) 

clarins-tonic-body-treatment-oil.jpg

 

Bróga Reatha. Ní bhualadh tada an chompórd!!!! Ní aon rud nua é seo domsa, cá mbeinn gan mo bhróga reatha, New Balances na cinn i déanaí a cheannaigh mé agus fuair mé iad ar phraghas iontach - €47.95 i Schuh. Níl stop ar bith liom, idir iad sin, na converse a cheannaigh mé agus péire eile adidas, ní bheidh aon leithscéal agam ach a bheith arais ag aclaíocht go luath. 

1977739460m4_zm.jpg

Mo Cheamara Nua...

Cheannaigh mé an ceamara nua seo in O'Learys Camera World i gCorcaigh an tseachtain seo caite.  Bhí siad iontach cabhrach sa stoppa.  Tá neart taighde déanta agam ach is sa siopa seo a bhí mé ar mo chompórd, d'fhreagair an freastalaí gach ceist a bhí agam agus geallaim daoibh bhí neart acu agam!!  Tá mé sásta leis go dtí seo, tá roinnt rudaí le foghlaim agam ach tá mé ag súil go mbeidh deis agam mo scileanna griangrafadóireachta a fhorbairt.  Bhí roinnt agaibh ag cur ceisteanna faoin ceamara agus cuirfidh mé blag le chéile daoibh go luath nuair a bheidh mé inann eolas maith cruinn a roinnt libh.  Beidh mé ionraic libh a chairde!!!  

Is fada liom go dtógfaidh mé pictiúirí do baby beag s'againne :) 

Screen Shot 2018-01-12 at 23.51.19.png

Beidh mé ar shaoire Máithreachais i gceann seachtaine agus tá mé ag súil go mór leis.  Tá mé chun scith a ligeann agus sásamh a bhaint as a bheith sa mbaile agus gan a bheith ar an mbóthar ag taisteal. É sin ráite tá liosta curtha le chéile agam atá chomh fada le mo dhá lámh.  An chéad rud ná mo mhála don ospidéal a phacáil.... sin jab na deireadh seachtaine seo.

Beidh mé arais libh go luath. 

Roseann xxxx