Environ- 'Active Vitamin Facial'

Unknown.png

Hello a chairde, 

Cúpla mí ó shin chuaigh mé féin agus na cailíní go hoíche speisialta in Elysium i Maigh Cuillinn áit ar labhair Jennifer Rock mar aoi speisialta ar an oíche. 

Tá a fhios againn ar fad an mhaitheas atá @theskinnerd ag déanamh dár gcraiceann agus í gafa leis. Tá níos mó agus níos mó againn ag cur níos mó suime i gcúrsaí craicinn agus is maith an rud é. Níl sé i bhfad ó stop mise ag baint úsáide as micelar water agus baby wipes agus mé ag baint díom mo chuid smideadh agus mé ag ceapadh go raibh mé iontach má bhain mé díom é san oíche. Anois tá mo routine beag féin agam a bhuíochas do na cailíní in Elysium. 

Caithfidh mé a rá go mbímse bréan do dhaoine a mholann seo agus siúd agus ceannaíonn tú an rud a mholann siad agus ní bhíonn maith dá laghad ann. Ó thug mise cuairt ar Elysium is é a mhalairt ar fad atá i gceist. 

Tá na cailíní ar fad Katie agus Anne ach go háirithe an-chairdiúil ann. Tugann siad moladh duit ag brath ar na fadhbanna craicinne atá agat agus ní chuirtear brú ort riamh tada a cheannacht. Bhí skin consultation agamsa le Katie agus mhol sí dom rudaí a choinneáil simplí. 

Úsáidim Cleanser- Image Vital C

Moisturiser Environ AVST 1 

Image Sun Cream 

Environ pepcide eye gel 

Moladh dom freisin serum a úsáid agus thug na cailíní cúpla sampla dom le triáil sula gceannaím an buidéal mór. 

Níl mórán fadhbanna craicinne agam, tá an t-ádh liom nach bhfaighim mórán spótaí riamh agus níl mo chraiceann lán le hola. É sin ráite gan mé ach 28 tá an t-uafás línte agam agus is rud iad a chuireann isteach go mór orm! Tá chuile chineál rud/stuif/táirge triáilte agam agus ní mórán atá tar éis difríocht a dhéanamh. 

Mar sin shocraigh mé coinne a dhéanamh le haghaidh an Advanced Active Vitamin Facial. Is facial é seo atá in ams an craiceann a phumpáil le vitamíní agus bhraith mé gur é sin go díreach a bhí ag teastáil uaim. Ghlaoigh mé ar Elysium agus dúradar liom teacht isteach agus go mbreathnódh siad ar mo chraiceann roimh an facial agus sin é go díreach a rinne siad, arís ionas nach cur amú airgid a bheadh ann! 

Mhair an facial é féin uair go leith. Glantar an craiceann go hiomlán i dtosach agus ansin úsáidtear foirmeacha beo don Vitamín A & C, is é sin uachtair atá packáilte leis na comhábhair seo, rud a bhraitheann tú ar an bpointe a bhuaileann siad do chraiceann. Úsáidtear meaisín speisialta a bhaineann úsáid as maoimeanna fuaime ionas go súfaidh an craiceann isteach iad go dtí na sraitheann ísle. Ag an deireadh ansin cuirtear masc álainn ort a chlúdaíonn chuile pháirt do d'éadan, na súile san áireamh (agus iad dúnta). 

Moltar an facial seo do chuile dhuine agus cabhraíonn sé le pigmentation, iontach do dhaoine le an t-uafás brícíní cosúil liomsa, nó a bhfuil damáiste déanta ag an ngrian orthu, daoine a bhfuil a n-aois le feiceáil róluath (mise)

Daoine le craiceann tirim

Daoine a dteastaíonn níos mó uisce/hydration uathu ina gcraiceann

Caithfidh mé a rá nár bean mhór facials mise, níorbh ea riamh ach tá mo chuid múiníne curtha agam in Elysium agus na cailíní atá ann. Tá mé ar bís agus mé ag baint úsáide as an Environ agus is fada liom go mbeidh mé ag dul suas sna huimhreacha. Táim ar an dara buidéal don AVST 1, mar sin beidh mé in ann a dhul suas go dtí an AVST 2 an chéad uair eile. 

Maidir leis an facial, mholfainn go hard na spéire é má tá boost ag teastáil ó do chraiceann. Ach caithfidh mé a rá gur breá liom an rud a dúirt duine de na cailíní in Elysium liom, níl aon mhaith facial a fháil muna bhfuil tú chun aire a thabhairt do do chraiceann sa mbaile. Tá sé ar nós a dhul ag an bhfiaclóir agus ansin gan do chuid fiacla a níochán nuair a théann tú abhaile. 

Sin é uaimse a chairde, 

G x