Loves an Luain- Aisling

Haigh glams,

Is mise atá ar loves inniu agus séard atá agam ná an bord caifé nua anseo a cheannaigh mé don teach.

In ionad an bord seo a chuir sa seomra suí shocraigh mé é a chuir amuigh sa ghrianán mar nuair a bhíonn an aimsir go deas tá radharc álainn amach ar an bhfarraige. Is áit álainn í seo chun do scíth a ligean agus is minic a chaithim am anseo ag léamh mo leabhar.

Cheannaigh an bord ar ebay cúpla seachtain ó shin agus téann sé go hálainn leis an ruga agus na dallóga liath. 

Fuair mo thuismitheoirí cathaoireacha nua agus thug siad na cinn a bhí acu domsa agus is deas a bhreathnaíonn siad amuigh sa ghrianán.

Anois tá an seomra suí agam agus tá áit eile suí amuigh sa ghrianán. Tá súil agam go dtiocfaidh samhradh maith go mbeidh mé in ann roinnt ama a chaitheamh amuigh ann.

Bhí Loves beagán difriúil agam inniu ach is aoibhinn liom an bord!!

Grá,

Aisling X