Béilte Beaga Blasta - Fishcakes

Haigh a Chairde, 

Tá mé arais arís le mo Bhéilte Beaga Blasta agus an tseachtain seo tá an oideas do na cácaí éisc le fáil anseo daoibh. 

Shocraigh mé m'oideas féin a bhunú;

Na Comhábhair

2 Fata Milis

2 clóbh Gairleoig

1 Sillí

1 tsp Thai Red Curry Paste

1 Courgette (Grátáilte)

1 oiniún

50g bruscar arán

400g Iasc

100ml Bainne

Corriander Úr

An Modh

1. Cas ar an oighean ag 180oC

2. Cuir na fataí milse san oighean ar feadh 40 nóiméad.

3.  Cuir an iasc agus an bainne i bpota atus fág ag scalladh ar feadh 10 nóiméad agus fág ag fuarú

4. Cuir na Glasraí ar fad agus an thair red curry paste agus an coriander isteach sa phróiseálaí bia agus measc iad go dtí go bhfuil na glasraí ar fad briste síos go mion. 

5.  Bain an craiceann ón fata milis agus cur an fata agus an iasc san próiseálaí bia leis na glasraí.

6.  Nuair atá an meascán ar fad briste síos go mion agus má tá an meascán fliuch cur leis an bruscar arán.

7.  Roinn an meascán ina 8 cuid agus déan cruth ciorcalach astú.

8.  Fág sa chuisneoir ar feadh cúpla uair a chloig.

Is féidir cócaireacht a dhéanamh ar na cácaí éisc sa friochtán nó san oighean ar feadh 15- 20 nóiméad.

Tá na cácaí éisc seo chomh blasta, is féidir iad a bheith agat don lóin nó don dinnéar :) 

Tá súil agam go dtaitneoidh siad libh:)

Roseann 

-xxxxx-