Culottes Cúl...

Haigh a ghlams,

Nach álainn an aimsir atá aginn?! Tá sé FAB!! An blag atá agamsa dhaoibh anocht ná ar 'culottes'. An trí ócáid dheiridh ar fhreastal mé orthu chaith mé cutottes! Tá siad i chuile shiopa na laethanta seo agus táim i ngrá leo!! Feicfidh sibh thíos na cinn is deise a chonaic mé agus mé fhéin i dhá péire ó Penneys agus culottes jumpsuit ó New Look.

Chaith mé an ceann seo thuas ar oíche mo bhreithlá nuair a bhí muid ag Dillisk on the Docks. Is breá liom an chaoi go bhfuil cosa leathan air. Is bodysuit ó Penneys atá curtha leis agam.

Seo hiad na cinn is déanaí a cheannaigh mé agus muid ag taifeadadh ár bhfíseán nua Youtube. Beidh sé thuas i gceann cúpla lá. Is bréa an patrún 'Gingham' atá iontu.

Seo jumpsuit culotte a chaith mé ag cóisir breithlae mo dheirfiúr, chomh comfy agus é níos lú ná €30!!

Tá siad seo cosúil leis na cinn a cheannaigh mé i Penneys.

Aon duine  a bhfuil bainis ag teacht aníos acu, nach deas iad seo?!

Is breá liom an dath atá ar na cinn seo!!

Ní maith liom an top atá leo seo agus is breá liom na culottes féin, chuirfinn top difriúil leo.

Tá féidir na culottes a chaitheamh 'casual' freisin, is aoibhinn liom an stíl seo!!

Ceann eile a bheahd feiliúnach do bhainis i rith an tsamhraidh, tá dath álainn air agus is breá liom an cruth.

Bhuel sin iad mo roghanna ó bheith ag brabhsáil liom in ionad a bheith ag déanamh mo chuid ceartúcháin.

Bainigí taitneamh as an dea-aimsir,

Aisling X