The Skin Nerd (Jennifer Rock) mar aoi-speisalta ag Elysium i Maigh Cuillinn

Bhuel a ghlams, 

Tá muid ag scríobh an bhlag seo inniu agus muid i bhfad níos eolaí ar chúrsaí craicinn agus ar shláinte craicinn. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le Valerie Osborne ó Elysium a thug cuireadh dúinn ag an ócáid seo agus a thug an-aire dúinn.

Ar an Máirt, an ceathrú lá d'Aibreán tháinig Jennifer Rock go dtí an 'Forge' i Maigh Cuillinn agus ní raibh duine sa seomra sin nár fhoghlaim rud éigin ó Jennifer.

Sular tháinig Jennifer ar stáitse, thug Clodagh Thorr oráid an-mhaith agus an-eolach ar an tábhacht a bhaineann leis an gcraiceann a bheith sláintiúil taobh istigh chomh maith leis an taobh amuigh. Thug sí brownies deasa dúinn freisin le taispeáint go bhfuil treats deasa le fáil. Bhí Clodagh iontach agus thug sí cur síos an-mhaith ar na cothaitheacha is fearr don chraiceann agus na bianna éagsúla ina bhfuil siad le fáil iontu. Bhíomar an-tóghtha leí.

Díreach ina diaidh aníos le Jennifer agus ní raibh sí ach 30 soicind ar an stáitse nuair a bhí muid ar fad curtha ag gáire aici. 

An rud is mó a sheas amach faoi Jennifer ná go n-insíonn sí an fhírinne, fiú mura bhfuil tú ag iarraidh í a chloisteáil. Freisin is minic a cheapann muid go mbíonn an táirge is daoire ar an gceann is fearr, chuir sí in iúl dúinn aréir nach mar seo an cás. an rud is mó a raibh Jennifer ag iarraidh béime a chur air ná an chaoi nach bhfuil aon duine mar a chéile agus go bhfuil craiceann dhifriúil againn ar fad agus mar thoradh ar sin, beidh táirgí difriúla in úsáid againn ar fad.

Dúirt sí freisin go mbíonn tionchar ag daoine cáiliúla orainn agus céard atá in úsáid acu siúd ach an rud is fearr agus is fiúntaí dúinn le déanamh ná dul agus seisiúin comhairliúcháin a fháil le duine a bhfuil taithí acu. An chéad chéim eile ó sin ná na táirgí a oireann duit a cheannach. cé go bhfuil cuid acu costasch, is infheistíocht iad agus beidh siad agat ar feadh cúpla mí. 

Na táirgí a bhí faoi chaibidil aréir aici ná Yonka, Image agus Enviorn agus arís níl aon cheann acu seo níos fearr ná a chéile, briatheann sé ar an gcraiceann.

Rinne Jennifer seisiúin ceisteanna agus freagraí díreach roimh an sosa agus bhí deis ag daoine dul suas chuici ansin agus pictiúir agus ceisteanna a chur uirthi

Príomhphointí na hoíche:

  1. Is cuma báisteach, grian nó gaoth caithfimid SPF a chaitheamh chuile lá, ní cosaint ón ngrian atá ann, is cosaint ó sholas atá ann.
  2. Ná húsáíd baby wipes, baineann siad sraith den chraiceann agus is mó dochair ná maitheasa a dhéanann sid.
  3. Faigh seisiúin comhairliúcháin sula gceannaíonn tú táirgí craicinn.
  4. Ná bac leis an margaíocht, ní féidir iad a chreidiúnt.
  5. Bíodh do chraiceann sláintiúil taobh istigh freisin.
  6. Bíodh córas maith agat sa mbaile .
  7. Ná téigh a chodladh i do smideadh.
  8. Fan amach ó na pore strips.

Ar aon nós bhí Jennifer an-mhaith mar chainteoir, is léir go bhfuil a cuid taighde déanta aici ar chraiceann, agus d'aithneofá gur í sin an paisean atá aici. Ní cheapfainn go raibh aon duine ansin an oíche sin nár fhoghlaim rud éigin uaithi.

Ba mhaith linn arís ár mbuíochas a ghlacadh le Valerie as ucht an cuireadh.

Slán go fóill,

Cailíní Ghaeilge le Glam.