A Thig Ná Tit orm- Maidhc Dainin Ó Sé- Cabhair don Ardteist

Dia dhaoibh a chairde, 

Cúpla seachtain ó shin bhí mé ag déanamh dianranganna dul siar le haghaidh muintir na hArdteiste agus ceann de na rudaí ba choitianta a tháinig aníos ná go mbíonn deacracht ag daoine leis an gceist a thagann aníos ar an Litríocht Bhreise. Shocraigh mé mar sin roinnt tips a roinnt libh. 

Tá an cheist ar Mhaidhc Dainín an-éasca dar liom agus ceapaim má théann tú siar ar na caibidil agus staidéar a dhéanamh orthu mar théamaí nach mbeidh aon deacracht agat. Tá an t-ádh ar lucht na hArdteiste sa lá atá inniu ann mar nach bhfuil oraibh ach staidéar a dhéanamh ar 8 gcaibidil. 

Seo thíos mar sin cuid de na mórthéamaí agus na príomheachtraí ar cheart daoibh a dhul siar orthu agus sibh ag tabhairt faoi na ceiste seo. 

Stíl Mhaidhc Dainín

  • Úsáideann sé stíl simplí nádúrtha síos tríd an dírbheatháisnéis. Is scéalaí den scoth é mar d’fhás sé suas i dtraidisiún na scéalaíochta i gCiarraí.
  • Ní ficsean dírbheatháisnéiseach an leabhar seo ach dírbheatháisnéis dáiríre ina ndéanann sé cur síos simplí ar a shaol féin agus saol na ndaoine timpeall air.
  • Insíonn sé scéal a bheatha óna óige go dtí go bhfilleann sé ó Chicago agus é ina fhear óg pósta.
  • Is féidir an leabhar a roinnt ina thrí chuid (a) Óige Mhaidhc (b) A shaol i Sasana (c) A shaol i Chicago.
  • Is leabhar fir óige é
  • Tá eachtraí an leabhair so-aitheanta.
  • Stíl simplí bheo a úsáideann an scríbhneoir.
  • Scríobhann Maidhc Dainín díreach mar a labhraíonn sé agus tá nathanna agus seanfhocail sa scéal ó chanúint Chiarraí.
  • Taispeánann Maidhc Dainín go bhfuil feith an ghrinn go láidir ann agus is minic a fheicimid é ag magadh faoi féin.
  • Úsáideann sé fo-scéalta. (scéal Ghrae)
  • Tá bua na cuimhne aige freisin agus tugann sé cur síos ar mion-eachtraí a tharla go háirithe agus é óg.
  • Tá cuimhne an-mhaith aige- na múinteoirí, na páistí scoile a bhí timpeall air etc.
  • Bhí meas mór aige ar a mhuintir agus ar a áit dúchais. Bhí sé i gcónaí dílis dá chultúr, dá theanga, agus dá chreideamh.
  • Cé go raibh sé beagáinín fiáin le linn a óige, cuireann sé an-luach ar a shaol agus ar an meon traidisiúnta.
  • Tugann Maidhc Dainín cur síos réadúil dúinn i gcónaí.
  • Tá stíl saolta, neamh mhaoithneach sa leabhar. 

Topaicí le clúdú in ‘A Thig Ná Tit Orm’

1.     Saol na Scoile/An Cheardscoil (ag díriú ar chaibidil 1/2/7)

· An bhunscoil (an chéad lá/na ceachtanna/an cigire/scéalta greannmhara/na múinteoirí/áiseanna/Peil/troid (bruíon))

· An mhéanscoil (is seo í an áit a chur ar bhóthar a leasa é)

· An difríocht idir an dá scoil- na daoine/na ceachtanna/na múinteoirí/ na pionóis/ na caitheamh aimsire (sa scoil eg caid (peil) sa bhunscoil le liathróid beag rubair & peil agus rásaíocht naomhóg agus déantús naomhóg agus toitíní sa mheánscoil)

 ‘Déan plé gairid ar an léiriú a thugtar sa dírbheatháisnéis seo ar shaol an údáir le linn dó a bheith sa bhunscoil agus sa cheardscoil’.

·‘Is sin í an áit a chuir ar bhóthar mo leasa mé’. Déan plé ar cad a bhí i gceist ag Maidhc leis seo.

· ‘Bhí gaiscíoch nó dhó ins gach rang. Is dócha gur fíor a rá nárbh aingeal éinne againn….’ Cé go luann Maidhc Dainín a chuid scolaíochta, is léir gur mó ar fad a shuim sa chleasaíocht ná sa scolaíocht’. Déan plé gairid air sin.

 2.  Caitheamh Aimsire (Tá beagán dó seo le fáil i ngach caibidil)

·         Peil (Caid) (1/2/7)

·         Ceol (6&8)

·         Iascaireacht (3&4)

·         Bothántaíocht (muintir na háite) (3)

·         Ag caitheamh toitíní (5-8)

·         Céilithe le linn an tsamhraidh/Ag cúirtéireacht (ag seinm ceoil-ag dul ag na céilithe móra) (8)

· ‘Ba iad an ceol agus an chaid (an pheil) an dá chaitheamh aimsire ab fhearr le Maidhc Dainín agus é ag fás aníos sa Ghaeltacht’. Déan plé ar an ráiteas sin. (2015)

· ‘Cé go raibh an boachtanas thart timpeall ar Mhaidhc agus é ag fás aníos sa Ghaeltacht bhí spórt agus spraoi ann leis’. Déan plé ar an ráiteas sin. (2014)

· ‘Faighimid léiriú suimiúil ar chúrsaí scoile agus ar chaitheamh aimsire sa Ghaeltacht nuair a bhí an t-údar ag fás aníos ann’. Déan plé ar an ráiteas sin. (2013)

 

3.    An Ceol (6&8)

·         Draíocht an Cheoil

·         An Clár Raidió ‘Cox of Kilcock’

·         A shuim sa cheol

·         Páidí/Dainín/ a Mháthair agus an ceol

·         Seán Coughlan- cuairteoir ar an teach

·         Ag cleachtadh ina sheomra nuair a bhí sé ceaptha a bheith ag déanamh a obair bhaile.

·         Cúirteoirí ag éisteacht leis an raidió.

·         Samhradh 1958.

· ‘Ba iad an ceol agus an chaid (an pheil) an dá chaitheamh aimsire ab fhearr le Maidhc Dainín agus é ag fás aníos sa Ghaeltacht’. Déan plé ar an ráiteas sin. (2015)

· ‘Táim pósta leis an bhfear sin le breis agus fiche bliain,’ arsa mo mháthair, ‘agus ní raibh a fhios agam go raibh port ina chorp.’. Déan plé ar an suim a bhí ag Maidhc agus a chlann sa cheol. 

4.  A Shaol le linn a óige (1-8)

·         Labhródh tú faoi gach rud anseo ón scoil go dtí a chaitheamh aimsirí, a chairde, na toitíní, gur pleidhce a bhí ann etc etc etc

· ‘Faightear cur síos iontach ar óige agus ar spraoi na hóige sa dírbheatháisnéis A Thig Ná Tit Orm’. An ráiteas sin a phlé.

5.  An Bhothántaíocht (3)

·         Nós de chuid na háite

·         Ní raibh aon siamsaíocht ann

·         Easpa áiseanna

·         Bia a thugtaí do na cúirteoirí (tae/arán/fataí)

·         An raidió agus an scéal leis an mbean a dúirt go raibh an raidió ‘leis na síóga’

·         Scéal Ghrae

·         Maidhc ag éisteacht trí pholl na heochrach nuair a chuirtí ina chodladh é.

·         Áit gach duine- eg gasúir ina suí ar fhód móna cois tine.

· ‘Tugann Maidhc sárchuntas dúinn ar an mbothántaíocht’. Déan plé ar an ráitéas sin, bunaithe ar a bhfuil sa leabhar ‘A thig ná tit orm’. 

6.  A Chlann- A Chaidreamh lena chlann

·         Is iad na daoine a chuireann muid aithne orthu ná Dainín (a athair), a mháthair agus a dheartháir Páidí. Luaitear na deartháireacha eile ach ní fhaigheann muid aon mhionsonraí orthu.

·         Dainín- is é a chaith na bríste sa teach. Bhíodh sé géar ar Mhaidhc ach bhí caidreamh maith acu ag an am céanna.

o   An aire a thug sé don raidió- á chlúdadh le bráilín ar fhaitíos go rachadh dusta isteach ann.

o   Iascaireacht lena athair- póitseáil

o   Feirmeoireacht lena athair- ag saothrú airgid

o   A athair agus an bosca ceoil

o   Ag tabhairt amach dó faoi a bheith ag dul ag na céilithe/ ag caitheamh toitíní.

o   Bhuail sé é nuair a fuair sé amach faoi scéal na huibheacha.

o   Ba dhuine teasaí agus traidisiúnta é. Bhí eagla ar Mhaidhc roimhe, mar nuair a bhí sé i dtroiblóid thug a dhaid bascadh dó.

o   Choinnigh a dhaid go leor rudaí aige féin- ní raibh a fhios ag aon duine go raibh sé in ann an bosca ceoil a sheinm.

o   D’oibrigh sé go crua chun bia a choinneáil ar an mbord. Bhí an obair deacair ag an am mar ní raibh aon innealra ann.

·         A Mháthair-

o   Ba dhuine údarásach, ciallmhar agus tuisceanach í.

o   Á ghléasadh don scoil- bhí an-chion aige uirthi- ag iarraidh go rachadh sé leis.

o   Cead an bosca ceoil a cheannach- thug sé barróg di

o   Lá an All Ireland

o   Bhí tnútháin arda aici. Ba mhian léi go mbeadh sé ina mhúinteoir agus dá bhrí sin, rinne sí a dícheall é a bhrú i dtreo na leabhair. Ach ní raibh spéis dá laghad ag Maidhc I gcúrsaí scoile agus mar sin bhí siad in adharca a chéile ó am go ham. Ní raibh sí ag iarraidh go mbeadh Maidhc ina ‘sclábhaí sluaiste’. 

·         Páidí

o   Bhí siad an-mhór lena chéile- Níor oscail Maidhc an litir ó lucht an bhosca ceoil go raibh Páidí in éindí leis.

o   Nuair a bhí Maidhc i dtrioblóid tar éis d’eachtra na huibheacha chuaigh sé i bhfolach ar a athair agus nuair a bhí an t-athair imithe chuaigh Páidí síos chun a rá le Maidhc go raibh sé sábháilte a dhul abhaile.

“ ‘Táim pósta leis an bhfear sin le breis agus fiche bliain,’ arsa mo mháthair, ‘agus ní raibh a fhios agam go raibh port ina chorp.’ ” Déan plé ar an léiriú a dhéanann Maidhc Dainín ar a thuismitheoirí agus ar a dheartháir, Dónall, sa dírbheathaisnéis seo. (2001)

7.  Samhradh 1958 (8)

·         Córas na gColáistí Samhraidh. Thuig sé go maith conas na rialacha a shárú!

·         Ba an-cheoltóir a bhí ann, tugadh post do sa choláiste samhradh ag seinm ceoil.

·         Nuair a bhíodh sé ag dul amach chuirfeadh sé neart Brillantine ina chuid gruaige. Léiríonn sé sin dúinn an meas a bhí aige ar Eibhlín.

·         Duine cúthail a bhí i Maidhc freisin. Chuir sé an bosca sa bhascaed agus chlúdaigh sé é ar eagla go mbeadh na comharsana ag caint air! Feicimid an chúthaileacht arís sa chaoi a ndearna sé a chéad choinne le hEibhlín. Ní raibh sé de mhisneach aige an cheist a chur uirthi féin. Ba ar chara Eibhlín a chuir sé an cheist.

·         Bhí an-suim aige sna cailíní. Is ar na cailíní a bhí sé ag smaoineamh nuair a bhí a fhios aige go mbeadh an cúrsa ar siúl. Bhí sé breá sásta nuair a bhí radharc maith aige ar na cailíní ón stáitse. Tá a fhios againn ón gcur síos a thugann sé ar an gcéad oíche nár theastaigh uaidh ach a ‘bhó’ a chur thar abhainn.

·         Bhí sé seasta síoraí ag cumadh bréaga dá athair. Dúirt sé lena athair go raibh sé ag seinm ag an gcéilí nuair a bhí sé ag dul go dtí an céilí mór le hEibhlín.

·         Cailín álainn ab ea í Eibhlín- bhí súile gorma aici agus gruaig fhada uirthi. Thaitin Maidhc léi chomh luath agus a leag sí a súile air. Bhí sí féin cúthail freisin agus is í a cara a bhí ag déanamh an chaint di. Ní raibh Gaeilge rómhaith aici.

‘Ba é samhradh na bliana 1958 an samhradh ab fhearr riamh’. Déan cur síos ar imeachtaí Mhaidhc i rith an ama sin’.

8.  Feith an Ghrinn i Maidhc (Gach caibidil)- Bíodh na scéalta grinn ar eolas i gceart agat!

·         Cheap sé go raibh sé ag dul ag an siopa in ionad an scoil (1)

·         Na hingne géara le linn cluichí peile (1)

·         An scraithín i bpota bhean an tincéara (1)

·         An Cigire agus Scéal Uinseann Ó Grífín (2)

·         An Ceacht Nádúr agus scéal an phiscín (2)

·         Scéal Ghraefaoi ‘gnó an rí’ (3)

·         An Bhean agus an Raidió (3)

·         Ag iascach lena athair nuair a thit sé san abhainn (4)

·         Na hUibheacha agus é ag iarraidh airgid a fháil chun toitíní a cheannach (6)

·         Ag caitheamh a chéad toitín (6)

·         Léine Sheáin ag an gcéilí mór (8)

·         Na cailíní ar an oíche dheireanach agus an dréimire (8)

Ceann de phríomhbhuanna an leabhair seo ná an greann. É sin a phlé. (1999)

9.  Tréithe Mhaidhc  

o   Sa leabhar seo, tugtar léargas dúinn ar fhorbairt/ar fhórás Mhaidhc agus é ag teacht chun aibíochta. Ag tús na leabhair, is déagóir é nach bhfuil cíos, cás ná cathú air, de réir cosúlachta agus bheith ag tóraíocht na mban agus na dtoitíní. (Ní gá é seo a bheith ar eolas agaibh- ach ag deireadh an leabhair, bíodh gur fear óg fós é, tá curaimí clainne air agus dar leis, is cúram fíor-dháiríre é an cúram sin.

o   Duine ceanndána é de réir fianaise an leabhair. Téann sé i gcoinne tola a thuismitheoirí go minic agus tá neamhspleáchas intinne aige.

o   Greannmhar (féach thuas)

o   Buachaill báire

o   Dána (scoil/uibheacha/toitíní)

o   Cliste (sa dá chiall- bhí sé in ann an cloigeann a oibriú ar a mháthair nuair a chum sé scéal di nár éirigh leis sa scrúdú iontrála don choláiste ullmhúcháin ach ag an am céanna d’éirigh thar cionn leis sa cheardscoil).

o   Ceolmhar- thuig sé gur sheinm Seán Coughlan dhá ríl cé go ndúirt Seán i dtosach nach raibh ann ach ceann. Chomh maith leis sin d’fhoghlaim sé cén chaoi an bosca a sheinm as a stuaim fhéin)

o   Mórtasach

o   Grámhar

o   Cara maith & dílis- níor sceith sé ar an mbuachaill a chaith an scraithín isteach sa phota & níor inis sé dúinn na cleasanna a bhí acu a bheith ag poitseáil éisc- dílis do mhuintir na háite.

Maidir le Maidhc Dainín, údair an leabhair seo, scríobh tuairisc ar a bhfuil de léiriú le fáil sa leabhar ar dhá thréithe a bhaineann leis. (1998)

10.            An Ghaeltacht le linn a óige/Saol na Tuaithe/ An Bochtanas

o   Tithe- (100 teach & 300 duine) –Pota fataí a bheiriú i ngach teach os cionn tine mhóna – Ní raibh leictreachas acu –Ní raibh aon teilifís sa pharóiste agus ní raibh ach dhá raidió, ceann ag muintir Mhaidhc.

o   Raidió- lá an All Ireland & an nuacht- Bhíodh cluas Dhainín buailte leis an raidió nuair a bhídoh an nuacht ar siúl. Cé gur mhinic a thit a chodladh air le linn na nuachta bhíodh eagla ar éinne teangmháil leis an raidió chun é a mhúchadh. Nuair a bhíodh an nuacht thart clúdaíodh sé an raidió le brat bán ar eagla go rachadh aon dusta isteach ann a dhéanfadh dochar don ghléas. Ní raibh cead ag aon duine ach ag Dainín amháin méar a leagan ar chnaipí an raidió. Nuair a bhíodh cluiche ar an raidió ina raibh Ciarraí ag imirt, bheadh an oiread sin imní ar a mháthair go mbíodh uirthi dul amach sa gháirdín ar fhaitíos go bhfaighfí scór ar Chiarraí. Bhí scéal an-ghreannmhar ag Maidhc faoi bhean a tháinig ar cuairt agus a bhí ag éisteacht leis an raidió. (féach thuas)

o   An Bhothántaíocht

o   Poitseáil- Eachtra a tharla dó féin agus dá athair leis an mbradán nuair a bhí siad ag iarraidh breith ar an mbradán. Thit sé isteach san abhainn agus a phíopa agus a fhiacla fós ina bhéal aige. Tháinig slabhra focail amach as a bhéal (ascainní), nach raibh a fhios ag Maidhc go raibh siad sa Ghaeilge ar chor ar bith.

o   An Abhainn- ainm dá gcuid féin acu uirthi ag brath ar an gceantar ina raibh sí

o   Na Toitíní

o   An Náire- (tie Sheáin ag an gcéilí & an bosca ceoil clúdaithe ag Maidhc sa bhascaed)

o   Saol Simplí

o   Bochtanas

Tá cur síos suimiúil ar shaol na Gaeltachta agus ar shaol na tuaithe le linn óige Mhaidhc Dainín le fáil sa leabhar A Thig Ná Tit Orm. An ráiteas sin a phlé.

 

Moltaí eile maidir leis an gceist seo:

  • Bíodh na scéalta a ndéanann tú cur síos orthu 100% cruinn- léirigh meas do scéalta an údair. 
  • Déan achoimre beag ag deireadh gach caibidil agus pioc amach na rudaí is tábhachtaí iontu.
  • Léigh an cheist go cúramach, is minic a bhíonn 2 rud le pléigh i do fhreagra agat. 
  • Tabhair neart mionsonraí, is é sin an chaoi a seasfaidh tú amach agus a léireoidh tú don scrúdaitheoir go bhfuil neart eolais agatsa agus go bhfuil na marcanna tuillte agat. 
  • Déan amach plean beag ag tús na ceiste agus bíodh a fhios agat go díreach céard atá tú ag iarraidh a rá i ngach alt. 
  • Ná caith níos mó ná 35 nóiméad ar an gceist seo. 
  • Bí cúramach le do chuid gaeilge, do chuid gramadaí agus le struchtúr do chuid abairtí, tá 5 mharc ag dul dó seo as do mhórmharc deiridh. 

Guím chuile rath oraibh in bhur gcuid scrúdaithe. Ná déan dearmad an cloigeann a choinneáil. 

Áth mór, 

Gearóidín