Loves an Luain

Hello a chairde, 

Chaith mé an tseachtain seo caite amuigh i mbun na scrúdaithe béil mar sin ar an Aoine, dúirt mé liom féin go gceannóinn rud éicínt deas. Tá mo shúil agam ar fháinne eile Pandora anois le píosa agus mar sin cheannaigh mé é dom féin. Mar is eol daoibh tá thart ar 5 cinn agam cheana féin, cuid acu a cheannaigh mé féin agus cuid eile a fuair mé mar bhronntanais. Cheannaigh mé an ceann seo thíos mar go raibh mé ag iarraidh 'set' a bhí agam a chríochnú ar deireadh. Chonaic mé é san aerfort ach ní raibh mo size acu an lá a bhí mé ann, mar sin bhí mé an-sásta liom féin Dé hAoine nuair a cheannaigh mé é! Téigh anonn chuig Snapchat agus beidh mé ag caint fúthú níos déanaí. Tá an ceann seo le fáil in ór freisin muna dtaitníonn an dath airgid leat. 

Seo pictiúr anois don 4 cinn le chéile agus caithim na cinn leis na clocha eile ar na méaracha eile! 

 

Gearóidín