Dillisk on the Docks

Dia dhoaibh a Ghlams, 

Má bhíonn sibh ag leanacht Gaeilge le Glam ar snapchat chonaic sibh go raibh oíche den scoth againn an tseachtain seo caite ag Dillisk on the Docks an bialann nua seo i nGaillimh...... bhuel ní féidir liom a rá go bhfuil sé iomlán nua mar tá sé lonnaithe san Harbour Hotel,  tá sé athchóirithe ó bhun go barr agus biachlár úrnua á chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe!!!

Le bheith ionraic ní áit é a chuimhním ar riamh nuair atá muid ar thóir bialann i nGaillimh,  mhothaigh mé i gcónaí gur óstán a bhí ann do thurasóirí ach níl dabht ar bith ach go mbeidh an bhialann seo chomh hiomaíoch leis na cinn eile atá ar fud na Gaillimhe anois leis an stíl nua agus an bia blasta...b'fhéidir chomh blasta le mo bhéilte beaga blasta féin;). 

Bhí an triúr againn an-sásta a bheith i láthair ar an oíche;

Cén fáth an raibh muide ag an ócáid, níl a fhios againn i ndáiríre ach ba onóir a bhí an mar ní raibh cuireadh tugtha ach do dhá dhuine dhéag suí ag bord an chaptaen an oíche sin.  Tugadh deis dúinn blaiseadh a bheith againn don bhia a chuireann siad ar fáil.  Bhí an bhéim mar a cheapfá ar bia mara agus cén fáth nach mbeadh agus duileasc mar ainm ar an áit, chur sé seo m'óige i gcuimhne dhom nuair a bhíodh mo Mham ag ithe feamainne agus níor thuig mé cén chaoi ar thaithin a leithid do rud leí! 

Shroich muid an t-óstán an tráthnóna sin agus is muid a bhí sásta nuair a tugadh Cocktail dúinn bhí an rogha do-chreidte ach mar is gnáth is breá liom na cinn dearg agus shocraigh me ar cheann le Prosecco ann.  (Bhí muid ag ceiliúradh ár laethanta saoire ár ndóigh)

 

Bhí taispeántas ann freisin agus deatach in úsáid do na cocktails rud nach bhfaca mé riamh cheanna.  Suimiúl ach is fearr liom na cinn le oighear.  

Níl dabht ar bith ach gurb é seo an ócáid is mó a thaithin liomsa agus mé i mo Foodie amach is amach.  Cé go raibh na deochanna go deas is é an dinnéar an rud is mó a bhí mé ag súil leis.  Nuair a bhreathnaigh mé ar an mbiachlár ar dtús bhreathnaigh mé ar na cailní agus ní raibh muid ró-chinnte an dtaitneodh sé linn.  Ní raibh aon rogha againn ach sin mar a bfhearr é mar d'éirigh linn rud nua a thrial. Bímse cúramach le mo chuid roghanna agus ní bhím ag iarraidh go mbeidh cathú orm riamh agus cé nach ndearna mé féin an cinneadh ní raibh cathú orm an oíche sin ach an oiread.  

Seo daoibh na miasanna a bhí againn

An Príomhchúrsa:

WOW an Milseog...... Ní féidir liom cur síos sach maith a dhéanamh ar seo!!!!!

An comhairle is fearr a d'fheadfainn a thabhairt daoibh ná gan an áit a fhágáil gan an PANNA COTTA.

An gcreidfeadh sibh go bhfuil feamainn in úsáid i ngach ceann de na miasanna thuas?  Agus geallaim daoibh bhí siad do-chreidte, bhí gach píosa beatha a bhí ar na plátaí chomh úr agus sláintiúil.  Bhí mé ar bís labhairt leis an gcócaire ach dúradh linn nach roineann sé na hoidis le aon duine.  Bhí díomá an domhain orm ach is leithscéal iontach é chun dul arais agus an Panna Cotta sin a bheith agam arís!!!

Is 'hidden gem' amach is amach an bhialann seo agu ná déanaigí dearmad cá bhfuil sé lonnaithe... sin é... In Óstán an Harbour i nGaillimh. Tá an ath-chóiriú déanta ar an ostán ar fad agus tá sé FAB!!!

Má thugann sibh cuairt ar an mbialann ba bhreá liom bhur gcuid tuairimí a fháil, cén mias a cheart dom trial a bhaint as an chéad uair eile?

Míle buíochas do gach duine san Harbour Hotel a thug sár-aire dúinn an tseachtain seo caite.. bhí sibh iontach!!!

Roseann, Aisling agus Gearóidín

xxxxxxx