Loves an Luain- Gearóidín

Hello a chairde, 

Is é an Loves atá agamsa an tseachtain seo ná an stuif seo ó Kerastase. Labhair mé faoi seo cúpla uair cheana ar Snapchat, ach i ndáiríre ceapaim go bhfuil sé iontach uilig. Bhí an-deacracht agamsa mo chuid gruaige a fhás le fada agus chinn sé orm. Bhí sí briste agus ag titim amach agus is cuma céard a d'úsáid mé ní dhearna sé aon dhifríocht. Bhínn ag baint úsáide as an kerastase bain force architecte resistance (an buidéal glas) agus níor chabhraigh sé ar chor ar bith. D'athraigh mé ansin go dtí an bain satin (an buidéal oráiste) agus tá difríocht mhór le feiceáil. Úsáidim é leis an stuif seo thíos. Anois ní mhór dom a rá anseo go bhfeileann sé seo mo chuid gruaige atá tirim ach seans nach mbeadh sé chomh maith céanna do dhaoine le hola ina gcuid gruaige. Braitheann sé ar an duine agus rud a oibríonn domsa seans nach n-oibreodh sé do dhuine eile. 

Ar aon nós seo é: 

Gearóidín