Fáinní Cluasa chun an Glam a chuir i do chulaith

Hello a chairde, 

Is é an blag atá agamsa an tseachtain seo ná fáinní cluasa. Anois ní hiad na gnáth fáinní cluasa beaga ach cinn móra le haghaidh culaith a críochnú amach go deas. Tá mise gafa le fáinní cluasa móra le fada agus le tamaill anuas tá cúpla péire deasa ceannaithe agam. (Téigh go Snapchat agus taispéanfaidh mé iad níos déanaí). Níl tada níos deise ná iad dar liom, críochnaíonn siad culaith amach go breá. Is breá liomsa cinn le cruthanna agus dathanna difriúla iontu mar atá thíos. Is iad na siopaí a théim ar ais acu arís agus arís eile ná 'Betty & Bitty', 'Mango', 'Zara', 'Asos' agus 'Parfois'.  Céard a cheapann sibh fúthú seo: 

Cheannaigh mé iad seo i Mango. Níor chaith mé 'hoops' fiú agus iad istigh nuair a bhí muid óg, ach is breá liom na dathanna agus na clocha iontu seo. 

1 ear.jpg

Arís seo cinn eile ó Mango, iad seo agus tléine bán agus jeans agus beidh tú réidh le haghaidh oíche ar na tiles! 

2 ear.jpg

Chaith mé iad seo an oíche tar éis bainis Shíofra leis an ngúna bándearg a bhí orm ach d'fhéadfá iad a chaith le rud ar bith chun dath a thabhairt isteach i do chulaith. 

3 ear.jpg

Is breá liom na clocha agus na dathanna sna cinn seo:

4 ear.jpg
5 ear.jpg
6 ear.jpg

Tá na cinn seo go hálainn uilig chun an glam a thabhairt d'aon chineál culaith:

Gearóidín