Gafa le Bróga Reatha & Rose Gold.....

Haigh a chairde, 

Mar is gnáth bím at thóir bróga reatha agus an obsession is déanaí na bróga reatha le rose gold. Ní bhíonn aon leithscéal uaim péire bróga a cheannach ach bíonn deacracht agam cinneadh a dhéanamh agus an méid sin rogha ar fáil.  Cheannaigh mé an péire seo i Meiriceá. Céard a cheapann sibh?

Seo an chéad péire atá uaim, tá mé ag ceapadh go mbeadh siad níos deise dá mbeadh siad dubh, an bhfaca sibh iad aon áit?

Seo daoibh péire eile ó New Balance;

An gcreidfeadh sibh gur cháil mé mo bhróga Converse bhuel is duine dearmadach mé agus d'fhág mé in óstán éigin in áit éigin iad (A chloigeann phota mar a thabharfadh mo mhamó orm)

Inné bhí mé sa chathair agus chonaic mé go bhfuil bróga reatha anois ag Amy Huberman.  Is breá liom na bróga atá ag Amy mar tá siad chomh compórdach. Thaithin siad seo liom mar is féidir iad a ghléasadh suas nó a ghléasadh síos. Céard a cheapann sibh?

Agus an aimsir ag fáil níos deise nach bhfuil siad seo go hálainn.  An t-aon rud nach bhfuilim ró-chinnte faoi na an éadach atá iontu, is dóigh liom go mbeadh sé deacar iad a choinneáil glan. 

Bhuel má tá aon smaointí nó moltaí agaibh dom, déan cinnte go bhfagann sibh nóta agam :)

Tá mé chun leannacht orm ag surfáil na hidirlíne anois :)

Slán go fóilín, 

Roseann