Loves an Luain- Aisling

Hello Hello Hello,

Tá mé ar ais inniu le Loves an Luain. Bhí muid thar a bheith gnóthach le cúpla seachtain anuas agus ní raibh deis ceart againn ár n-aird a thabhairt don bhlag ach tá súil againn níos mó a bheith ar fáil as seo amach.

An Loves atá agamsa an tseachtain seo ná an gúna lása glas seo ó Littlewoods. Cheannaigh mé é seo roimh na Nollag agus bhí dearmad glan déanta agam air agus nuair a bhí mé ah bogadh amach nach bhfaca mé sa vardrús é.

Tá an gúna seo fós ar an suíomh Littlewoods agus tá sé ar an bpraghas céanna is a d'íoc mise air. Cliceáil thíos chun breathnú air.

Chaith mise an gúna díreach mar a chaith an bhean sa bpictiúr é ar scoil inniu. Is lása uilig atá ann agus tá cnaipí air chun é a dhúnamh. Feicfidh sibh thíos agus é orm.

Sin sin le Loves na Seachtaine..

Bíodh seachtain mhaith agaibh,

Aisling X