Florals

Haigh Glams,

Ceann de na trends atá amuigh faoi láthair ná na 'florals' agus is cinnte gur deas iad. Tá fédir gúnaí beaga deasa, t-léinte, léinte, jeans agus beilteanna a fháil leis an trend is déanaí seo. Ó bheith ag brabhsáil liom seo hiad na píosaí is deise a chonaic mé agus na cinn a bhfuil mo shúil agam orthu.

Nach cute é seo? Táim leathchuimhniú é a cheannacht!!

Cé gur gúna fada atá sa gceann seo thos, fuair sé m'aird mar tá sé elegant agus cute ag an an am céanna.

Ni féidir do dhóthain jeans dubha a bheith agat agus nach deas iad na cinn seo, tá siad go deas fiú leis an léine denim mar atá sa phictiúr.

Mura bhfuil tú muiníneach go leor na florals a chaitheamh, is féidir leat fiú beilt a chuir le do chuid jeans agus tá siad dressy. Is duine mé nár chaith beilteanna rómhinic ach tá siad ag taitneachtáil liom anois, go háirithe an ceann seo.

Is aoibhinn liom dubh agus dá mbeinn ag iarraidh beagáin dath a thabhairt isteach nach deas a bheadh an geansaí beag seo?!

Sin cuid de na píosaí is deise a chonaic mé ag brabhsáil. Táim chun an chéad ghúna thuas a ordú mar 'treat'!!

Grá,

Aisling X