Sa tóir ar phéire deas 'Brogues'

Hello a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá an t-am tagtha go bhfuilim tinn do shála arda! Níor cheap mé go dtiocfadh an lá seo go deo! Caithim sála arda chuile lá beo agus is é an t-aon uair nach bhfuil siad orm ná nuair atáim ag dul ag an gióm, ní minic é mar sin. 

Cheannaigh mé péire álainn brogues do mo dheirfiúr an Nollaig seo caite agus caitheann sise go minic iad. Níor cheap mé go deo go dtaitneoidís liom ach táim ag coinneáil súil amach le haghaidh péire deasa anois le tamaill agus tá cúpla ceann deas feicthe agam. Tá mise sa tóir ar chinn liath ach seo thíos cuid de na cinn eile atá feicthe agam! 

Asos

Dune

Bourbon Footwear

Clarks

Smaointe ar chultacha le brogues

Tá sé i m'intinn anois agam gur mhaith liom péire agus tá neart cultacha agam le dhul leo, má fheiceann sibh péire deas abair liom é! 

Gearóidín