Jumpsuits

Níor bhean mhór jumpsuits a bhí ionam go dtí an Nollaig seo caite nuair a cheannaigh mé ceann álainn i Warehouse. Cheap mé i gcónaí gur bhreathnaigh siad aisteach orm. Is dóigh nach raibh mé ag ceannacht cinn ar oir do mo chorp. Ar aon nós nuair a cheannaigh mé an ceann seo thíos bhí mé fíorshásta leis. Cheannaigh mé é an oíche roimh chóisir na Nollag agus mé ag rith timpeall na siopaí ag panickáil ag an nóiméad deireanach mar is iondúil. 

Le písín anuas táim ag coinneáil súil amach orthu mar ceapaim go bhfuil siad chomh héasca le caitheamh. Níl ort imní a bheith ort faoin iomarca dath bréige a úsáid, ná seodra ná tada eile. Má fhaigheann tú ceann deas, le dath láidir, ní  bheidh uait ach péire simplí bróga agus beidh tú réidh. Tá siad oiriúnach le haghaidh chuile chineál cóisir ar nós Céad Chomaoineach, Cóineartú, Baiste agus tá mé féin leath chuimhniú ar cheann a chaitheamh ag bainis Shíofra i gceann cúpla seachtain. Seo thíos cúpla ceann deas atá feicthe agam ar an suíomh Asos. 

Gearóidín x