Loves an Luain

Cén chaoi go bhfuil trí seachtaine imithe ó rinne mé Loves go deireadh??!!

Tá na seachtainí ag imeacht leo chomh scioptha, anois agus na laethanta ag fáil níos faide freisin,  tá sé go hálainn, Tá súil agam go mairfidh an aimsir bhreá píosa eile!!

Tá súil agam go raibh an-lá agaibh ar fad inné leis na Mommies.

Ar aon nós ar aghaidh ag Loves an Luain. An táirge a roghnaigh mé inniu ná an Serum seo ó Image. Daoibhse a leanann an Snapchat atá againn beidh a fhios agaibh go bhfaighim na 'Face Peels' le Edel in Áilleacht. Cheannaigh mé an serum seo uaithi thart ar mhí na Samhna. Tá an buidéal céanna agam ó shin agus úsáidim chuile mhaidin agus chuile oíche é.

Cuirim orm roimh mo 'moisturiser' é agus suíonn chuile tháirge níos fearr ar mo chraiceann ina dhiaidh.

An t-aon aiféala atá agam ná nár thosaigh mé ag tabhairt aire níos fearr do mo chraiceann níos túisce. Is thart ar dhá bhliain i ndáiríre a thosaigh mé ag tabhairt aire dó, ach is fearr go déanach ná go brách is dóigh!!

An rud is fearr liom faoi tháirgí Image ná nach féidir iad a cheannach ar líne mura bhfuil saghas 'code' agat. Tugann sé sin le fios dúinn cé chomh maith is atá siad mar teastaíonn uait saghas 'consultation' a fháil ó dhuine proifisiúnta agus an táirge is oiriúnaí a fháil do do chraiceann.

Táim ag iarraidh táirge eile ó Image a cheannach mar chineál 'night cream', an úsáideann aon duine agaibh aon cheann a mholfadh sibh dom?

Slán tamaill,

Aisling X