Ultra Pure Rose Hip Oil - Táirge atá á úsáid agam faoi láthair

Dia Dhaoibh, 

Cúpla seachtain ó shin fuair mé an táirge do-chreidte seo ó Ultra Pure - An ULTRA PURE ROSE HIP OIL.  Bhí roinnt do na táirgí in úsáid agam roimhe seo an cleanser agus an toner.  Is táirgí iomlán nádúrtha iad rud a thaitníonn go mór liom. Is breá liom freisin go bhfuil an táirge seo á dhíol ag comhlacht atá lonaithe in Iarthar na hÉireann.

Caithfidh mé a admháil nuair a fuair mé an táirge seo ní raibh tada cloistí agam faoi. Nuair a thosaigh mé ag léamh faoi bhí ionadh an domhain orm nuair a léigh mé na buntáistí atá aige.  Mar sin Tosaigh mé a úsáid timpeall trí seachtaine ó shin agus seo'd iad na difríochtaí is mó ata feicthe agam go dtí seo:

  1. Tá mo chraiceann i bhfad níos gile agus "glo" aige, feicim é seo go mór mhór ó lá go lá nuair nach mbíónn fonn orm aon smideadh a chaitheamh.
  2. Nuair a athraíonn an aimsir, éiríonn mo chraiceann tirim agus go mór mhór nuair a bhím ar an mbóthar go minic agus mé ag taisteal.  Suíonn mo smideadh i gceart ar mo chraiceann anois agus is brea liom é seo
  3. Dúirt mé le mo dheirfiúr go raibh an táirge seo go maith do craiceann a bhí damáiste déanta leis  agus thosaigh sise á úsáid freisin.  Bhí acne aici nuair a bhí sí níos óige agus chabhraigh an táirge seo na marcanna sin a laghdú.

Tá an boladh álainn ó na holaí nadúrtha go hálainn sa táirgí seo agus is treat amach is amach atá ann don chraiceann.

Úsáidim é chuile oíche sula dtéim a chodladh agus gach lá nach mbím a gcaithfidh smideadh agus is breá liom é.  Tá níos mó ná leath fágtha sa mbuidéal agus mé á úsáid anois ar feadh míosa.

Ní duine mé a dhéanann mórán poiblíocht ar tháirgí mar seo ach níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag oibriú. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn agam leis ná go bhfuil mé ag úsáid táirgí eile ar mo chraiceann faoi láthair agus amanta bíonn faitíos orm go mbíonn an iomarca rudaí in úsáid agam... ach sin ráite ag an aois ag a bhfuil mé anois dhéanfainn rud ar bith na wrinkles a sharú agus an glow deas sin a thugann an táirge seo dom a choinneál.

Mile Buíochas do Ultra Pure agus an Irish Blogger Agency as an táirge seo a thabhairt dom chun triail a bhaint as.

Is féidir é seo a fháil i bhformhór na siopaí poitigéara agus má bhíonn deacracht agaibh is fédir é a ordú ar www.ultrapure.ie

Slán tamaill, 

Roseann 

xxxxx