Dath an tseásúr- 'Salmon Pink

Haigh Glams,

In ionad éadaí nó bróga nó accessories a roghnú do bhlag inniu is é gur phioc mé dath. Agus is dath é a fheiceann muid go minic faoi láthair agus is aoibhinn liom é. Seo thíos na píosaí is deise a chonaic mé agus mé ag brabhsáíl liom.

Bheadh sé seo hálainn faoi láthair leis an aomsir ag fáil níos teocha.

Bheadh sé seo hálainn faoi láthair leis an aomsir ag fáil níos teocha.

Tá an sciorta seo chomh cute agus táim leathchuimhniú é a fháil dom féin.

Píosa eile atá cute ná an cóta seo thuas. Tá an dath FAB!!!

Nuair a bhí mé ag scríobh an bhlag seo, chonaic mé iad seo agus chuaigh mé chun iad a ordú ach tá siad díolta amach!!! Tá cinn dubha ann freisin ach cheapfainn go bhfanfaidh mé go dtiocfaidh siad ar ais arís.

Ó fuair mé mo Daniel Wellington níor bhain mé díom é, cheapfainn go bhfuil sé thar am ceann nua a fháil. Tá an ceann seo ó Cluse go deas freisin.

Is minic a thugann scairf beochta don chulaith go háirithe más ag caitheamh dubh a bhíon tú.

Bhuel a ghlams, sin iad na píosaí is deise a chonaic mé agus mé ag scríobh an bhlag. 

Bainigí taitneamh as,

Aisling X