Gúnaí T-léine

Hello a chairde, 

Chonaic mé gúna tléine istigh i River Island cúpla seachtain ó shin agus bhí sé i mo lámh agam agus chaith mé ar ais é, agus mé ag rá liom féin, cé sa diabhal a chaithfeadh rud mar sin! Ansin agus mé amuigh písín ina dhiaidh chonaic mé an gúna a bhí i mo lámh agam ar chailín agus bhí mé mo chiceáil féin mar bhreathnaigh sé go hálainn uilig uirthi siúd! Is dócha cosúil le chuile rud go mbraitheann sé ar fad ar céard leis a gcaitheann tú na rudaí seo. Seo é thíos anseo, anois nuair a bhreathnaíonn tú ar an bpictiúr ní cheapfá mórán dó ach le péire deas buataisí (ní na bróga sa phictiúr seo) d'fhéadfadh sé a bheith ina outfit an-deas go deo. 

Gearoidin x