Cótaí Báistí

Dia dhaoibh a chairde, 

Bhí mé istigh i bPenneys an lá cheana agus tháinig mé trasna ar an gcóta báistí beag álainn seo thíos agus gan é ach €16 ní fhéadfainn é a fhágáil i mo dhiaidh. Chonaic mé ceann deas eile ar Doireann Garily cúpla seachtain ó shin ó Dunnes freisin agus ní fhaca mé i nGaillimh fós é ach má fheicim seans go mbeidh sé ag dul abhaile liom.

Caithfidh mé a rá go bhfuil an diabhal ormsa ag dul amach gan aon shéacéad agus ní féidir a dhul amach mar ní túisce te ná fuar ná tirim ná ag stealladh. Tá na séacéid seo go hálainn uilig. Féach thíos ar chinn deas atá feicthe agam. 

Seo é an ceann beag a cheannaigh mé istigh i bPenneys: 

Is iomaí ceann atá i Topshop agus is breá liomsa an ceann buí agus an ceann dearg: 

Anois níl ag teastáil uaim ach cóta báistí buí agus wellingtons mar seo thíos agus beidh mé an-stílmhar :P 

Gearóidín