Áilleacht agus na Image Peels

Hello, 

I 2017 rinne mé an cinneadh aire a thabhairt do mo chraiceann.  Cé nach maith liom é a rá, tá mé ag dul in aois agus is rud é nach bhfuil mórán airgid caite agam air i mo shaolBhí go leor cloiste agam faoi na táirgí Image agus shocraigh mé triail a bhaint astu mé féin. Thug mé cuairt ar Edel in Áilleacht ar an gCeathrú Rua agus seo mar a d'éirigh liom.

Seo daoibh cúpla pictiúir ó Áilleacht é féin:

 

Thosaigh mé leis an Face Peel, i ndáiríre ní raibh cliú agam céard é Face Peel go dtí gur thug Edel seisiún comhairliúcháin dom.  Níl mo chraiceann ró-dhona mar sin shocraigh Edel díriú ar "anti-aging" aagus "skin rejuvenation".  Is cinnte gur oibrigh an peel agus mo chraiceann chomh bog agus glan chuile lá ó shin agus é ós cionn míosa ó fuair me mo chéad peel.

Seo hiad na buntáistí a bhaineann leis:

  • Tá gach Peel curtha in oiriúint don chraiceann nó na fadhbanna craicinn atá agat
  • Díríonn an Peel ar an Dermis (An ceathrú sraith den chraiceann) in ionad dromchla an chraicinn mar a dhéanann gnáth táirgí.

 

  • Faigheann sé réidh le ceallaí marbh agus cothaíonn sé na ceallaí sin atá faoin gcraiceann
  • Faigheann tú táirgí leis an Peel chun aire a thabhairt don chraiceann i ndiaidh an Peel

An Modh:

  1. Glantar d'aghaidh ar dtús
  2. Ansin nuair atá do chraiceann glan cuirtear na táirgí Image ar d'aghaidh.
  3. Tosaíonn an craiceann ag fáil te agus bíonn tingle le mothú sa chraiceann.
  4. Fágfar ar d'aghaidh é ansin ar feadh 8 nóiméad (mo chéad peel) agus an dara uair a fuair mé peel bhí sé fágtha ar mo chraiceann ar feadh 10 nóiméad, braitheann sé ar do chraiceann.
  5. Seo Pictiúr do mo chraiceann roimh agus i ndiaidh an Peel

Ach céard o díreach é an teoiric tabh thiar do facials draíochtúil seo??

Úsáidtear Glycolic agus einsímí gníomhach chun an craiceanna choinneáil glan.  Faigheann sé réidh leis na ceallaí marbh agus, faigheann an craiceann níos gille agus an craiceann a teannadh isteach (rud atá riachtannach agus tú ag dul in aois).

Socraíodh na táirgí le vitimín C a úsáid chomh maith chun collagen a tháirgeadh sa chraiceann. Shocraigh mé an táirge seo a cheannach chun tacú leis seo agus mé ag úsáid na táirgí image sa mbaile. 

Má leanann sibh muid ar snapchat tá a fhios agaibh gurbh iad na táirgí Yon Ka atá in úsáid agam le roinnt blianta.  Thaitin se liom go raibh na táirgí seo agus na táirgí Image ag Edel agus bhí sí in ann  eolas a thabhairt dom ar na buntáistí a bhaineann leo.  Is saineolaí í Edel, sin cinnte. (Mar eolas daoibh ní féidir na táirgí Image a cheannacht i ngnáth siopa)

Tá na táirgí costasach ach téann siad i bhfad mar ní úsáidim ach fíor bheagáin dóibh. Mar a deirim féin is infheistíocht iontach iad!!!!

Má tá suim agaibh peel a fháil tá lascaine ar bun in áilleacht faoi láthair.  Má cheannaíonn tú trí Peel gheobhaidh tú ceann amháin saor in aisce.  Tá siad 80euro an ceann ach is fiú é agus faigheann tú na post treatment kits chomh maith chun cinntiú go bhfuil deis agat leannacht ar aghaidh ag tabhairt aire don chraiceann. 

Moltar coicís ar a laghad a fhágáil idir gach peel.  Tá mé ag súil go mór le mo chéád ceann eile cheana féin!!!!

Sin é uaimse a chairde.  

Roseann xxx