Céad slán le 2017..

Haigh a Ghlams,

Tá mé ar ais arís i mbliana mar atá déanta agam le dhá bhliain anaus agus mé ag scríobh beagán faoin mbliain a bhí agam.

Image-1.png.jpeg

Bhí sí gnóthach, spraoúil, áthasach ach bhí sí in ann a bheith brónach ag amanta eile, ach sin an saol! Agus ní athróinn ar ór ná ar airgead anois an saol sona, sásta atá agam. Thóg sé píosa orm teacht ag an bpointe seo i mo shaol,  mar is iomaí corr agus bac a bhí sa mbóthar.

Ceann de na rudaí is mó domsa i mbliana ná nuair a bhog mé isteach i mo theach féin i mí Feabhra seo caite. Fós agus mé ag teanadh le bliain sa teach, uaireanta ní chreidim é, go bhfuil mo theach fhéin tógtha agam. Ceann de na héachtaí is mó i saol aon duine seans. É sin ráite fós chuaigh mé agus d'fhan mé sa mbaile Oíche Nollag agus Lá Nollag.

Image-5.png.jpeg

Cuirtear an cheist go minic cén chaoi a ndearna mé é, agus an freagra céanna a thugaim i gcónaí, obair chrua, níl aon fhreagra eile agam air. Má tá sé uait chomh mór sin, oibreoidh tú ar a shon. Tá mé ag obair chuile Shathairn ó 2014 agus chuile shamhradh leis na Gaeilgóirí agus san Acadamh, agus nach mé atá sásta go raibh an deis sin agam mar tá mo theachín beag fhéin anois agam agus mé 'happy out'

Bíonn chuile dhuine thuas seal agus thíos seal. Mise san áireamh. Tharla athrú eile i mo shaol príomháideach i mbliana, níl mé chun labhairt air mar tá sé thart anois. Ní raibh sé éasca, níl an aon rud sa saol éasca, ach creidim go láidir anseo, 'Everthing happens for a reason' agus 'What is meant for you, will not pass you by'. 

Níl a fhios agam an bhfaca sibh Gléasta chun Féasta? Is féidir libh breathnú orthu ar TG4 Player más maith libh, ach ar aon nós, seo rud eile a bhfuil mé bródúil as. Bhí mar stílí ar an gclár seo (is múinteoir mé, ní saineolaí faisin). Bhain mé taitneamh agus tairbhe as an taithí seo agus an taifeadadh, an taighde, an chraic, an spraoi agus an siopadóireacht. Chas mé ar dhaoine ar cairde liom anois iad freisin. Cinnte bhí mé amuigh as an 'comfort zone' á dhéanamh seo ach caithfear é a dhéanamh anois s'arís.

Image-4.png.jpeg

I lár an tsamhraidh ansin fuair mé amach go raibh mé le bheith i m'aintín don chéad uair!!!!! Tá mé chomh chomh excited faoi seo, beidh sé/sí millte againn uilig le cúnamh Dé. Tá mo dheirfiúrín beag Niamh (agus Kevin) ag iopmar!!! 

Image-2.png.jpeg

AGUS.......BREAKING NEWS........

Tá Roseann í féin ag iompar!!! So beidh mé i m'aintín faoi dhó i mbliana!!! Níl ach lá amhaín le dul go mbeidh muid sa mbliain nua agus tá a fhios agam cheana fhéin go mbeidh sí go maith!!!

Tá mé chun stopadh leis an gclabaireacht anois!! Tá súil agam níos mó a scríobh i mbliana, blaganna faoi fhaisean, an saol, rud ar bith! 

2017, ní tú ab fhearr a bhí ar bhealach amháin, ach ar bhealach eile ba tú ab fhearr!! Ach chomh cinnte is go bhfuil Aisling mar ainm orm, beidh 2018 níos fearr agus níos mó!!!! 

Cúpla highlight ón mbliain,

Image-1-3.png.jpeg
Image-1-2.png.jpeg
Image-3.png.jpeg
Image-1-1.png.jpeg
Image-1.png.jpeg

 

Go mbeirimid beo ar an am seo arís,

Grá mo chroi sibh, 

Aisling

X