An Sciorta beag bándearg a bhfuilim i ngrá leis!

Hello a chairde, 

Bhí mé ag breathnú thart sna siopaí an tseachtain seo caite agus chonaic mé an sciorta álainn seo istigh in Oasis agus thit mé i ngrá leis. Chuir sé i gcuimhne dom an cineál stíle a bhí le feiceáil ar 'Legally Blonde' agus 'Meangirls' fadó! Bhíodh ceann cosúil leis agam fadó agus chaith mé amach é ach ceapaim go mbeidh orm an ceann seo a cheannacht! 

Tar éis dom é seo a fheiceáil chuaigh mé sa tóir ar chinn eile: 

Ceapaim gurb é an chéad cheann an ceann is fearr liom, Tá sé fíorbhog freisin agus déarfainn go mbeadh sé go hálainn le geansaí beag bán nó liath. 

Slán go fóill, 

Gearóidín x