Hello a chairde, 

So le haghaidh mí Eanáir, gheall mé dom féin nach gcaithfinn cent rua ar éadaí agus nach mbeinn ag caitheamh mo chuid airgid go seafóideach agus lán charr asail go stuif agam cheana féin.......Mhair sé seachtain..... b'fhéidir 10 lá ar a mhéad!!!! Shúil mé isteach i Topshop agus chonaic mé jeans a thit mé i ngrá leo. Bhí agus tá mé chomh excited le haghaidh iad a chaitheamh. Braithim cosúil le páiste beag atá tar éis bréagán nua a fháil! 

Mar gheall go bhfuil siad beagáinín difriúil, agus nach bhfuilim cinnte fós cén sórt bróga a chuirfeas mé leo, chuaigh mé sa tóir ar bhealaí éagsúla le haghaidh iad a chaitheamh! Is fada liom go dtiocfaidh an samhradh mar beidh siad seo CLASS!!!!!!!! 

Ar aon nós a chairde, sin deireadh le mo chuid sifil seafal, caithigí súil ar na pictiúir seo thíos le smaointe a fháil ar cén chaoi iad a chaitheamh :) 

Flats agus tléine beag bán:

Sáilí Arda: 

Mar gheall go bhfuil an oiread dathanna agus pátrúin iontu, cheapfainn gur fearr an chuid eile den chulaith a choinneáil simplí. É sin ráite chonaic mé cailín an lá cheana agus buataisí embroidery agus seaicéad embroidery uirthi le jeans cosúil leo seo agus ba bhreá liom dá mbeadh an muinéal agam é sin a dhéanamh ;) 

Gearóidín xxx