Na Bréagscrúdaithe- Treoir agus Tacaíocht

A scoláirí,

Tá blag speisialta agam daoibh tráthnóna, agus ceann atá bunaithe oraibh agus sibh réídh le dhul i mbun na mbréagscrúdaithe. An chéad rud a déarfaidh mé libh ná is bréagscrúdaithe atá iontu. Tá siad tábhachtach agus ní deireadh an tsaoil iad, beidh cúpla mí agaibh ina ndiaidh!!.

Tá mé chun an treoir a choinneáil gearr agus simplí:

  1. Déan plean staidéír, beidh tú i bhfad níos éifeachtaí má bhíonn plean agat le leanacht.
  2. Bíodh ceann agat don tseachtain agus ceann eile ansin don deireadh seachtaine.
  3. Tóg neart sosanna, níl aon mhaith trí nó ceithre huaire staidéir a dhéanamh gan sos, ní bheidh sé éífeachtach agus beidh tú féin tuirseach.
  4. Déan beagán staidéír chuile oíche, ní hamháin obair bhaile.
  5. Leis na teangacha, déan iarracht éisteacht leis an teanga bheo, m.sh Raidió na Gaeltachta, TG4 nó más Fraincis í éist le TF1, TV5 nó FR2.(nuacht na Fraince)
  6. Beidh na paipéir scrúdaithe mar bhíobla agat, tugann siad structúr le do chuid freagraí agus cabhraíonn siad leat cleachtadh a fháíl ar scrúdaithe oifigiúla ar nós na mBréagscrúdaithe.
  7. Bíodh neart 'flash cards' ceannaithe agat, níl aon mhaith a bheith ag iarraidh sleachta móra fada a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Scríobh pointí gearra, nó achoimrithe.
  8. Ceann eile atá simplí, bí i láthair ar scoil, má chailleann tú go leor laethanta ar scoil, tá tú ag cailleadh amach ar ábhair ranga freisin agus nótaí tábhachtacha.
  9. Faigh do dhóthain codlata- ar a laghad seacht n-uaire, má tá tú tuirseach tá sé an deacair díriú ar lá fada scrúdaithe.
  10. Fág do fón uait- má tá sé in aice leat, is 'distraction' é agus beidh tú á sheiceáíl chuile chúpla uair.
  11. Agus an rud deiridh, ith bia atá sláíntiúil agus cothaitheach (Moltar Avacados, Broccoli, Uibheacha, Seacláíd(Dorcha), Cnónna agus Bradán) Cabhraíonn siad leat díriú agus fócas a choinneáil.

Bhuel sin iad mo chuid moltaí daoibh a scolaírí, 

Guím chuile rath oraibh in bhur gcuid scrúdaithe, ná fág an staidéar go dtí an nóiméad deiridh. Is féidir brath ar an seanfhocal, 'Tús maith leath na hoibre'.

Níl i bhfad eile oraibh, coinnigí an cloigeann.

Grá Mór,

Aisling

X