Invisalign - Tá súil agam gur fiú iad!!!

Hello a chairde, 

Mar a fheiceann sibh ó theideal an bhlag seo tá mo invisalign faighte!!!! Roimh aon rud eile a scríobh caithfidh mé a admháil ar dtús gur iomaí mothúchán a bhí agam ón gCéadaoin seo caite, idir áthas, aiféala, pian, brón, frustruchas, náire, faoiseamh agus caithfidh mé a admháil gur bhuail panic mé fiú (Is léir go bhfuil seachtain fhada curtha dhíom agam)

Dá mbeadh euro agam ó gach duine a chuireann an cheist: cén fáth?????? 

Bím sásta nuair a deir daoine go bhfuil m'fhiacla go hálainn agus cínnte tá an t-ádh liom.... é sin ráite an bhféadfaidís a bheith níos fearr?? Bhuel bhí siad níos dírí náí mar atá anois. 

Seo hiad na cúiseanna gur thug mé aghaidh ar an turas seo..... 

  • Le bliain go leith anuas tá fiacal nó dhó (ar an mbarr) tar éis bogadh.
  • Bhí na fiacla in íochtar as rocht i gcónaí.
  • Ní raibh teanntán agam riamh agus mhothaigh mé go dtabharfadh an invisalign deis dom m'fhiacla a chuir i gceart (teanntán, an Ghaeilge ar braces, is focal nua é seo domsa)
  • Níl me go maith le pian agus cheap mé go mbeadh an invisalign foirfe domsa ar bhealach nach mbeadh chomh pianmhar leis na gnáththeanntáin,.... bfhéidir go raibh mé mícheart!!!

Seo mo chuid fiacla an lá sula bhfuair mé an Invisalign.  

 

An taighde

Rinne mé roinnt taighde ar na teanntáin éagsúla go bhféadfainn a fháil.  Thug mé cuairt ar ortódóntóir agus ní hamháin do m'fhiacla ach de bharr go raibh pian i mo ghiall chomh maith (is fadhb í seo a bhí agam le píosa)  Bhí costas €3,600 ar na teanntáin thraidisiúnta agus bheadh orm iad a bheith istigh ar feadh 18 mí ar a laghad.

Thug mé cuairt ansin ar fhiaclór a bhí go mór i bhfabhar an Invisalign a dhéanamh.  Bhí mé beagáinín amhrasach maidir leis seo mar gheall nach raibh cáillíochtaí an ortódóntóra aici. É sin ráite bhí a fhios agam nach raibh go leor le déanamh le mo chuid fiacla.  Fuair mé praghas níos fearr leo seo chomh maith, rud a chabhraigh leis an gcinneadh agus chomh maith leis sin ba cheart go mbeadh mé nach mór réidh leo roimh dheireadh na bliana seo.

Roghnú an invisalign

Ó thosaigh mé mo phost nua i mbliana agus mé ag déanamh cuir i láthair ós comhair grúpaí múinteoirí chuile lá ní raibh mé sách muiníneach na teanntán traidisiúnta a roghnú.  B'fhéidir go bhfuil sé sin sórt seafóideach ach is cinneadh pearsanta a bhí ansin domsa. Chomh maith leis seo níor chuala mé go raibh pian ag baint leo, ag fás aníos bhi teanntáin ag mo dheartháir agus mo dheirfiúr agus ní raibh mé a iarraidh sin.

An invisalign é féin:

 

Tá cnaipí beaga ar na fiacla (braitheann méid na gcnaipí seo ar an méid atá le déanamh agat le d'fhiacla).  Bíonn na cnaipí seo géar go maith ionas go suíonn an retainer isteach orthu agus is leo siúd a bogann na fiacla.  Tá na cnaipí seo ar d'fhiacla ar feadh an ama.

Is féidir an retainer é féin a bhaint amach go héasca.  Bainim amach iad gach uair a ithim.  Bíonn orm iad a scuabadh gach uair a thógaim amach iad..... Beidh m'fhiacla chomh glan dá bharr!!!

 An Pian

Céard is féidir a rá faoin bpian...... OUCH!!!!!! Mo bhuíochas do leanntóirí an bhlag a thug cabhair dom ar Snapchat cuid den phian sin a leigheas.

Seo hiad na táirgí a bhí géar ghá leo le seachtain anuas:

Nurofen: Bheinn caillte gan é seo chun cabhrú leis an bpian

Bonjela: De bharr na n-othrais a bhí taobh istigh do mo bhéal d'oibrigh sé seo thar cionn le fáil réidh leo siúd

Céir (wax): Is ó neamh a tháinig an stuif seo tá mé cinnte dhó!!! De bharr na dtaobhanna gobacha a bhí ar na retainers bhí pian aisteach leo an chéad cúpla lá. Ó thosaigh mé a úsáid bhí deis ag na hothrais feabsú agus hey presto!!!! tá gach rud mar is ceart anois!!!

ACH caithfidh mé a rá go bhfuil feabhas olmhór ar an bpian tá mo chuid cainte faighte níos fearr agus tá mé cinnte ag dul i dtaithí leo 

Fúmsa atá anois

Ó fuair mé an invisalign tá roinnt cainte agus comhrá déanta agam le daoine éagsúla, is léir ón méid a dúradh gur fúmsa atá sé a bheith dian.

22uair sa ló - níl aon rogha agam ach cinntiú go bhfuil siad istigh don achar ama seo GACH lá!!

Ag ithe agus ag ól - Bainim amach an invisalign do gach rud seachas ag ól uisce

Cúraim - Tá fiacla le scuabadh tar éis gach béile agus déanaim cinnte go bhfuil mé ag úsáid floss chomh maith. (Moladh dom an taos pro-expert a úsáid gan na táirgí geallacháin, seo'd na cinn is fearr mar ní dhéanann siad damáiste don drandail)

Mar a dúirt mé nilím ach ag tús an phróiseis seo ach is cinnte go gcoinneoidh mé suas chun dáta sibh maidir leis na céimeanna eile.

Arís is cinneadh pearsanta a bhí anseo domsa ní shin le rá go bhfuil siad foirfe duitse.  Ná déan dearmad an taighde a dhéanamh chomh maith!

Grá mór, 

Roseann 

xxx