Loves an Luain

Bhuel a chairde, 

Inniu tá mé libh le Loves an Luain agus shocraigh mé mo tháirgí nua ó Charlotte Tilbury a roinnt libh.  

Ta seastán i BT i nGaillimh leis na táirgí seo ar fáil agus shocraigh mé ar an Satharn mo smideadh a fháil déanta chun triail a bhaint astu agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé i ngrá :)

Chaith Charlotte Tilburry cúig bhliana ag dearadh na táirgí seo;

An Magic Foundation

Cheannaigh mé uimhir a 2 don lá agus uimhir a 5 don oíche chun dul le mo tan bréige :) Tá costas €40 euro an praghas céanna leis an doublewear light a bhí in úsáid agam go dtí seo.

Cheannaigh mé uimhir a 2 don lá agus uimhir a 5 don oíche chun dul le mo tan bréige :)

Tá costas €40 euro an praghas céanna leis an doublewear light a bhí in úsáid agam go dtí seo.

An Wonderglow: 

Tá an wonderglow costasach go maith ach deirtear go maireann sé ar feadh i bhfad, feicfidh muid.  Tá costas €49 ar seo agus is féidir é a cheannacht i Brown Thomas.

Is féidir é seo a úsáid ar thrí bhealach éagsúl faoi smideadh mar primer, ós cionn smideadh mar "radiant finish" agus leis féin mar "lasting glow"

Seo mo smideadh ó oíche de Satharn tá súil agam go dtaitníonn sé libh :)