Is gearr go mbeidh sé in am......

Haigh Glams,

Bhuel is gearr go mbeidh sé in am, is gearr go mbeidh sé in am bogadh amach ón mbaile, san áit gur chaith mé ocht mbliana is fiche de mo shaol. San áit gur fhreastal mo Mham agus mo Dhad orm le fad mo chuimhne. Is gearr go mbeidh sé in am mo chuid siopadóireachta féin a dhéanamh, is gearr go mbeidh sé in am mo chuid dinnéir fhéin a ullmhú, mo chuid éadaí féin a níochán, mo chuid dualgais fhéin a chomhlíonadh!! 

Agus mé ag scríobh an bhlag seo tá mé cineál 'emotional' mar is céIm an-mhór é seo,  ní hamháin domsa, ach d'aon duine atá ag bogadh amach ón mbaile agus isteach ina dteach féin!! Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé ar dtús beagnach dhá bhliain ó shin, b'fhada liom go mbeinn imithe ón mbaile agus mo shaoirse agus neamhspléachais fhéin agam.

Anois agus mé reidh le n-imeacht, cuirim an cheist orm fhéin, cá raibh mo dheifir???? Tá a fhios agam go bhfuil sé thar am agam mo chuid seolta a chrochadh agus bogadh liom ach beidh sé brónach!!! 

An méid sin ráite, tá mé ag súil go mór leis, nílim ag bogadh na mílte ó bhaile, táim ag bogadh 6 chiliméadar ó mo theach cónaithe!!! Táim bródúil asam fhéin gur éirigh liom é seo a dhéanamh, is dóigh an rud is mó i mo shaol a bhfuil mé bródúil as ná an teach!!

Déanadh gáire, caoineadh, bhí brón, áthas agus díomá ag baint leis an bproiséas, ach an n-athroónn aon rud?? ní athróinn mar is saghas 'learning curve' a bhí ann dom. D'oscail sé mo chuid súile dom, bhí freagrachtaí faoi leith orm agus rinne sé níos láidre mar dhuine me!!

Tá an teach anois beagnach réidh, ba cheart go mbeinn istigh i gceann cúpla seachtain le cúnamah Dé. Táim an-sásta leis an gcaoi a bhfuil sé ag teacht le chéile!! Nílim chun aon phictiúr a chuir suas don teach go fóill ach fágfaidh mé sibh le cúpla pictiúr a chonaic mé agus mé i mbun taighde, cúpla pictiúr a thug ionsparáid dom agus mé ag dearadh an tí...

Déanfaidh mé blag eile i gceann cúpla seachtain agus b'fhéidir go dtabharfainn cúpla sneak peek daoibh ar an teach......b'fhéidir!!!

Bhuel sin sin a ghlams, sin update ar mo theach agus an staid a bhfuilim aige agus an chaoi a mhothaím faoin mbogadh tí!! 

Is gearr go mbeidh mé i mo  theach féin!!!! WOW tá mé bródúil!!! Go Aisling!!!

Slán tamaill,

Aisling

X