Béilte Beaga Blasta - Chocolate and Coconut Bites

Bliain nua mhaith daoibh a chairde,

Tá na Béilte Beaga Blasta arais arís i mbliana agus mé ag súil neart oidis a roinnt libh don bhliain amach romhainn. 

Seans go bhfuil muid ar fad arais ar an "Health Buzz" sin tar éis saoire na Nollag.  Is cinnte gur ith mé agus gur ól mé mo dhóthain le linn an tsaoire ach tá mé sásta a bheith arais ar plean bia níos sláintiúla.  

É sin ráite más duine thú le "sweet tooth" beidh dúíl agat i rud éicint milis tar éis lá oibre nó le cupáinín tae. 

Shocraigh mé na bites beaga seo a dhéanamh an tseachtain seo agus an rud is fearr fúíbh níl aon siúcra iontu.   Bhí mé an-sásta freisin nuair a chonaic mé go bhfuil Aldi ag déanamh na comhábhair seo ar fad anois!!!

Na Comhábhair

300g Cnónna (Almond, brazil, walnuts)

75g Cnó Cócó (Coconut)

125ml Im Almond

50g Púdar Cacao

100g im

4-5 spbd Ola Cnó Cócó

Do rogha blaisiúchán - Púdar vanilla, cinnamon, liquorice.

comhábhar breise - Síolta Chia, Púdar maca nó acai

 

An Modh

  1. Cuir rianpháipéar ar an stán bácála.
  2. Bris suas na cnónna go mion.
  3. Cuir na comhábhair le chéile i mbabhla mór agus measc le chéile.
  4. Cuir leis an ola coconut agus an im (ag brath ar an uigeacht b'fhéidir nach mbeidh sé ar fad ag teastáil).
  5. Má bhíonn an meascán an-fhliuch cur isteach roinnt de na comhábhair bhreise.
  6. Déan cruth liathróideach astu.
  7. Cur sa chuirneoir ar feadh uair a chloig.
  8. Is féidir iad a stórál ar feadh coicíse ar a mhéad.

Brú ar na pictiúirí thíós chun an cur i láthair a fheiceáil;

Tá mé ag súil mír rialta de Bhéilte Beaga Blasta a chur ar fáil daoibh i 2017.  Má bhíonn rud ar bith gur mhaith libh a fheiceáil ar an mblag, ná bíodh drogal ar bith oraibh teachtaireacht a sheoladh chugaim nó níos fearr fós gur snapchat chugaim do na béilte beaga blasta a dhéanann sibh féin.

Slan go fóilín, 

Roseann xxxx