Stíl na Seachtaine - Roseann

Hello a Chairde, 

Mar atá s'agaibh ag an bpointe seo tá tús curtha le mír nua, Stíl na Seachtaine agus an Domhnach seo caite thug mé fhéin, Síofra agus Gearóidín aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus muid i láthair ag seoladh oifigiúil an Irish Blogger Agency.  Bhí lá den scoth againn agus níl dabht ar bith ach go raibh stíl na mná FAB ar an lá. 

An deacracht ba mhó a bhí agam an oíche roimh réidh ná cinneadh a dhéanamh gúna nó brístí a chaitheamh.  De bharr go mbeadh lá fada i gceist shocraigh mé ar an outfit seo:

Chaith mé mo bhrístí nua ó Born Clothing i nGaillimh. Bhí costas €44 orthu.  Faraor níl suiomh idirlín ag Born Clothing mar sin seo daoibh cinn atá cineál cosúil leo a chonaic mé ar suíomh H&M ar €22.99!!

B'fhéidir go bhfaca sibh an blag a scríobh Aisling ar Metallics, is uaidh seo a fuair mé an ionspráid barr órga metallic a cheannach, agus fuair mé é seo i Born Clothing freisin. Seo dhá barr órga a chonaic mé ar líne agus arís is breá liom iad, cuidíonn sé le houfit a ghléasadh suas, díreach mar a rinne mé féin an Domhnach seo caite.

Seo'd barr le muinchillí ar má theastaíonn uait an culaith seo a chaitheamh i rith an lae. Tá sé ar fáil i Zara.

Seo'd an dara barr a thaithníonn liom agus bheadh sé seo foirfe d'oíche ar na tiles freisin.

Cheannaigh mé an seacéad álainn seo le haghaidh bainis roinnt míonna ó shin, bhí sé costasach go leo ach b'fhiú é, is féidir é a ghléasadh suas nó síos agus is iomaí uair atá sé caite agam ó cheannaigh mé é.  Cheannaigh mé é seo i Standún sa Spidéal agus chosain sé thart ar €100 ag an am.  Má thaitníonn sé libh tá sé ar fáil ar suíomh Darling anois ar leath phraghas!!!!!

NA BRÓGA!!!! An chuid is tábhachtaí dar liom, agus gan dabht is iad mo bhróga Bourbon a chaith mé.  Tá mé fós i ngrá leo, agus is féidir iad a cheannacht i Gosh i nGaillimh nó ar líne.  Tá nasc anseo do cinn atá cosúil leis an bpéire a bhí orm féin!

Agus cá mbeadh muid gan roinnt accesories.  Shoraigh mé m'uaireadóir Michael Kors a chaitheath. Fuair mé é seo mar bhronntanas agus caithim go minic é nuair atá mé gléasta suas!

Sin é uaimse don tseachtain seo, 

Roseann xxxxx