Leopard Print, Veilbhit agus Leathar!

Hello a chairde, 

Síofra anseo arís agus an uair seo táim ag scríobh bhlag ar chúrsaí faisin. Is aoibhinn liom an t-am seo den bhliain nuair a thagann na riteoga agus na cótaí amach! Sílím go bhfuil vardrús níos leithne agam do shéasúr an fhómhair agus do shéasúr an gheimhridh! Tá an t-uafás geansaithe cosy agam agus is aoibhinn liom nuair a thagann an aimsir fhuar. Ach, do shéasúr an fhómhair is iad na dathanna agus na 'textures' áille a sheasann amach domsa. 

I mbliana, feicim go leor 'leopard print' timpeall na siopaí agus sna hirisí faisin ar fad. Bheinn amhrasach faoi 'leopard print' mar is féidir leis a bheith beagáinín 'tacky' muna bhfuil sé caite i gceart ag daoine! Cheannaigh Gearóidín buataisí 'leopard print' le déanaí agus tá siad go hálainn! Is as New Look iad!  

É sin ráite,  is féidir le 'leopard print' a bheith an-stiallmhar agus claiseacach nuair atá sé caite agus 'styled' i gceart! Tá cúpla rud 'leopard print' ar mo 'wishlist' agus táim chun iad a theaspáint daoibh anois!

An chéad trend eile a fheicim sna siopaí ná Veilbheit! Agus caithfidh mé a rá, is aoibhinn liom é! Níl aon rud veilbhit agamsa ach is cinnte go bhfuil mé chun ceann de na rudaí thíos a cheannach! Taitníonn an fabraic sin go mór liom mar sílím go mbreathnaíonn sé an-sóúil agus go dtugann sé 'look' an-classy don chulaith ar fad! Chonaic mé na rudaí seo le déanaí.. 

 

Agus is cinnte go bhfuil gach rud leathar ar ais don séasúr seo! Tá seaicéid leathar uaim, bhí ceann agam ach chaill mé é!!! Bhuel, níl a fhios agam i ndáiríre, ach tá sé imithe áit éigean! So chonaic mé an ceann seo thíos in Warehouse agus breathnaíonn sé go hálainn ach beidh orm é a thriail!! 

Sin é uaimse a chairde, 

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblag seo.. agus má cheannaíonn sibh aon rud, seol snap chugam!

Grá mór, 

Síofra xxx