Tá mo chuid gruaige ag fás ar deireadh!!!

Hello a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar ghruaig! Táimse ag iarraidh mo chuid gruaige a fhás le fada an lá agus bhí cinnt orm é a dhéanamh! Bhínn ag cur dath fionn i mo chuid gruaige le blianta fada agus caithfidh mé a rá gur mhill sé mo chuid gruaige. Chuaigh mé ó ghruaig thiubh, fhada a bheith agam go dtí gruaig bhriste agus millte. Níor fhás mo ghruaig le blianta agus níos measa fós ní raibh mé ag ligean cead do mo ghruagaire í a ghearradh agus mar sin bhí mo chuid split ends ag fáil níos measa agus níos measa. Gach uair a théim ag an ngruagaire bíonn sí ag iarraidh mo chuid gruaige a ghearradh agus ní bhíodh mé ag tabhairt cead di riamh. D'athraigh sé sin cúpla mí ó shin agus thosaigh mé ag ligean cead di, trim beag a thabhairt dom nó mar a deirim léi- 'dust it at the end'! 

Ar aon nós, is iad na rudaí atáim ag déanamh anois a cheapaimse atá ag cabhrú le mo ghruaig fás ná na rudaí seo a leanas: 

1. Táim ag gearradh mo chuid gruaige níos minice, ní bhainim mórán di riamh ach beagáinín ag an mbun. Is í Bernie mo ghruagaire agus oibríonn sí i nGruaig Ghalánta sna Forbacha. Déanann sí bainiseacha freisin má bhreathnaíonn sibh ar 'Bridal Hair by Bernie' ar Facebook.

2. Táim ag úsáid táirgí a oireann don chineál gruaige atá agam. Bhínn ag úsáid an seampú glas ó Kerestasé i gcónaí chun próitéin a chur ar ais i mo chuid gruaige mar gheall ar cé chomh briste is a bhí sí ach ní raibh sé sin oiriúnach do mo ghruaig, seampú le moisturise a bhí ag teastáil uaim. Mar sin úsáidim na táirgí seo thíos, níl siad le fáil i ngnáthshiopaí ach is féidir iad a cheannacht i ngruagairí ar fud na tíre. Úsáidim an seampú chuile uair a ním í agus ansin an dá treatment seo thíos, ceann amháin chuile dara lá. Úsáidimse iad mar conditioners agus ansin má bhíonn am agam fágaim i mo chuid gruaige iad agus mé timpeall an tí nó uaireanta téim i mo chodladh agus ceann acu istigh agam! 

3. Nílim ag cur an straightner uirthi chomh minic agus a bhínn. Tá gruaig wavy/chatach ormsa go nádúrtha ach is maith liom í a bheith dírithe agam. Má táim á díriú anois déanaim cinnte go bhfuil táirgí cearta istigh agam inti. Chomh maith leis sin, uaireanta d'fhéadfadh sé suas le 30 nóiméad orm mo chuid gruaige a thriomú mar sin anois fágaim mo ghruaig le triomú go nádúrtha. Úsáidim an 'hair protection spray' seo ó Tresemme agus an ola seo thíos ó Dove. Bhínn ag úsáid an Kerestase Elixer Oil ach rith mé amach as agus cheannaigh mé an ola seo ó Dove agus ní hamháin go ndéanann sé an jab ceanna céanna, tá sé i bhfad níos saoire freisin! 

4. Vitimíní agus níos mó vitimíní- Ní bhínn ag tógáil vitimíní riamh agus níor thuig mé cé chomh tábhachtach agus a bhí siad go dtí an samhradh seo caite. Bhínn ag briseadh amach i mouthulcers (lofa tá a fhios agam) i gcónaí agus bhíodh mo chuid ingne ag briseadh agus mo ghruaig ag titim amach agus ní raibh sí ag fás. Chuaigh mé ag an gcogaslann agus labhair mé leis an bpoitigéir agus mhol sí dom cúrsa vitimín b a thógáil. Thóg mé iad sin agus multivitamin agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ag cabhrú go mór liom i ngach a dhéanaim! 

So sin é uaimse a chairde. Níl thuas ansin ach na rudaí a d'oibrigh domsa le mo ghruaig thirim, bhriste. Mholfainn daoibh labhairt le bhur ngruagaire agus gan aon táirge a cheannach muna n-oireann siad duit! D'fhéadfá an t-uafás airgid a chaitheamh go seafóideach ar tháirgí nár cheart duit a úsáid ar chor ar bith! Agus deirim é sin ó mo thaithí féin! 

Gearóidín