Loves an Luain..

Haigh Glams,

Aisling anseo anocht agus is mise atá ar 'Loves an Luain'..

Le seasúr an fhómhair faoi lán seoil, tá sé in am ná buataisí a thabhairt ar ais.. An tseachtain seo caite bhí trua agam dom féin agus chuaigh mé ar 'Boohoo' agus cheannaigh mé na cinn áille liath seo. An rud is fearr fós ní raibh orthu ach €26! Tá siad fós ar an suíomh freisin!!!

Níor chaith mé go fóill iad mar gheall go bhfuil aimsir na hÉireann chomh haisteach agus is saghas suede atá iontu agus níl mé ag iarraidh iad a mhilleadh... Beidh siad go deas le sciorta nó fiú skinnies dubha..

Bhuel sin iad mo 'Loves an Luain' anocht!!

Cuir snap chugainn má tá aon bhuataisí deasa eile ar cheart dom a cheannach!!!

Aisling xxx